Normalú an chaidrimh idir an Stát agus an córas baincéireachta intíre
- Foilsithe: 16 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2025
Mar a fógraíodh níos luaithe inniu, sheol an Stát an díolachán síos deiridh i leith a scairsheilbhe in AIB, agus níl aon scairsheilbh aige sa bhanc sin a thuilleadh. Tá sé seo ag tarlú tar éis don Stát fáil réidh lena scairsheilbh i mBanc na hÉireann i mí Mheán Fómhair 2022. Sealbhaíonn an Stát scairsheilbh 57.4% in PTSB go fóill, agus leanfaimid le measúnú a dhéanamh ar dheiseanna chun leas an Stáit sa bhanc sin a dhiúscairt de réir mar a thagann na deiseanna sin chun cinn.
Infheistíodh €29.4 billiún san iomlán in AIB, i mBanc na hÉireann agus in PTSB idir na blianta 2009 agus 2011. Aisghabhadh thart ar €29.4 billiún in airgead tirim trí dhiúscairtí, trí ioncam infheistíochta agus trí tháillí ráthaíochta dliteanais go dtí seo. Tá luach €0.6 billiún, nó mar sin, ar an infheistíocht atá fágtha in PTSB faoi láthair, rud a fhágann barrachas is fiú thart ar €0.6 billiún. Ní áirítear leis sin an luach atá ar na Barántais a fuair an tAire in AIB mar chuid dá thairiscint tosaigh don phobal.
Ag labhairt dó inniu, dúirt Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais:
“Á aithint gur dhífheistigh an Stát a scairshealbha baincéireachta go mór, agus ar aon dul leis an ngealltanas a tugadh i gClár an Rialtais normalú an chórais baincéireachta intíre a chur i gcrích, táim ag fógairt normalú eile ar an gcaidreamh idir an Stát agus an córas baincéireachta intíre. Is é atá i gceist leis sin fáil réidh le bearta áirithe a tugadh isteach le linn ré na géarchéime agus atá i bhfeidhm go fóill, lena n-áirítear srianta áirithe a bhaineann le luach saothair.
“Tugadh na srianta sin isteach trí chonradh leis na bainc ar athchaipitligh an Stát iad tar éis na géarchéime airgeadais. Nuair a tugadh isteach iad, ní raibh aon dáta éaga ná aon chlásal éaga ag baint leis na srianta conarthacha sin.
“Ag teacht sna sála ar an Athbhreithniú ar Bhaincéireacht Mhiondíola a rinneadh sa bhliain 2022, rinneadh athruithe ar shrianta luach saothair do gach ceann de na trí bhanc chun pá athraitheach is fiú suas le €20,000 in aghaidh an fhostaí in aghaidh na bliana a cheadú. Tá sé sin ag teacht leis an teorainn a leagadh síos leis an mbarra-cháin 89%, rud atá i bhfeidhm go fóill. Toradh eile a bhí ar an athrú ba ea socrú a dhéanamh do shochair chaighdeánacha neamhphá a sholáthar do gach fostaí.
“Cé go bhfuarthas réidh leis an uasteorainn pá €500,000 in aghaidh an duine aonair i gcás Bhanc na hÉireann ag an am sin, coinníodh ar bun í i gcás AIB agus PTSB. Gheofar réidh leis an uasteorainn pá sin anois i gcás AIB agus PTSB araon. Cinnteoidh sé sin cothroime iomaíochta idir Banc na hÉireann agus AIB, rud a bheidh ag teacht leis an seasamh scairsheilbhe. Táthar ag fáil réidh leis an uasteorainn tuarastail i gcás PTSB ag an am seo chun a chinntiú nach gcuirfear faoi mhíbhuntáiste iomaíoch é.”