English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire McGrath maidir le cliseadh Silicon Valley Bank (SVB)

Ag teacht sna sála ar chliseadh Silicon Valley Bank, iasachtóir a bhí lonnaithe sna Stáit Aontaithe agus a dhírigh ar an teicneolaíocht, tháinig Grúpa Cobhsaíochta Airgeadais na hÉireann le chéile Dé Luain an 13 Márta chun measúnú a dhéanamh ar an staid agus ar aon tionchair ar chóras airgeadais na hÉireann. Cuimsíonn an Grúpa Cobhsaíochta Airgeadais oifigigh shinsearacha ón Roinn Airgeadais, ó Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta agus ó Bhanc Ceannais na hÉireann agus tá sé faoi chathaoirleacht ag Ard-Rúnaí na Roinne Airgeadais.

Ba é a bhí in Silicon Valley Bank (SVB) ná iasachtóir a dhírigh ar an teicneolaíocht agus a raibh sócmhainní dar luach $209 billiún (dollar na Stát Aontaithe) aige, rud a d’fhág go raibh sé ar an 16ú banc is mó sna Stáit Aontaithe. Bhí sé liostaithe ar Stocmhargadh NASDAQ agus bhí roinnt mhaith gnólachtaí Éireannacha i measc na gcliant a bhí aige.

Dhírigh an chuideachta ar iasachtaí a thabhairt do chuideachtaí teicneolaíochta, agus í ag soláthar seirbhísí do ghnólachtaí caipitil fiontair, do ghnólachtaí maoiniúcháin ioncambhunaithe agus do ghnólachtaí cothromais phríobháidigh a infheistíonn sa teicneolaíocht agus sa bhiteicneolaíocht. Mar aon le taiscí a thógáil agus le hiasachtaí a thabhairt, d’oibrigh an banc rannáin chaipitil fiontair agus chothromais phríobháidigh ar ghnách leo infheistíocht a dhéanamh i gcliaint bhaincéireachta tráchtála an ghnólachta ó am go ham.

D’fhógair Cúlchiste Feidearálach na Stát Aontaithe Dé Domhnaigh go bhfuil saoráid iasachta éigeandála ar a dtugtar an clár um Chistiú Téarma Bainc á sheoladh chun tacú le córas baincéireachta na Stát Aontaithe tar éis chliseadh SVB. Shealbhaigh SVB fochuideachta darbh ainm SVBUK sa Ríocht Aontaithe freisin. Maidin Dé Luain, d’fhógair Rialtas na Ríochta Aontaithe gur díoladh SVBUK le HSBC ar chostas £1. I gcás na Stát Aontaithe agus na Ríochta Aontaithe, tá taisceoirí an bhainc le cosaint.

Bhunaigh Grúpa Cobhsaíochta Airgeadais na hÉireann foghrúpa chun faireachán agus tuairisciú breisithe a chomhordú ar na tionchair intíre a eascraíonn as cliseadh SVB. Cuimsíonn an foghrúpa oifigigh ón Roinn Airgeadais, ó Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta agus ó Bhanc Ceannais na hÉireann, mar aon le hoifigigh ó ranna agus gníomhaireachtaí iomchuí.

Dúirt an tAire McGrath:

“Tá sé tábhachtach a rá nach mbeidh ach tionchar díreach beag ag cliseadh Silicon Valley Bank ar chóras airgeadais na hÉireann. I gcás na mbanc miondíola a oibríonn in Éirinn, níl aon neamhchosaint acu ar an mbanc sin. Tá tábhacht ag baint leis na mearghníomhartha a rinne na húdaráis rialála sna Stáit Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe maidir lena chinntiú gur féidir le cliaint de chuid SVB a dtaiscí agus a saoráidí creidmheasa a rochtain.”

Dúirt sé freisin:

“Tionóladh cruinniú de chuid an Ghrúpa Cobhsaíochta Airgeadais inné, Dé Luain an 13 Márta, chun cliseadh SVB a phlé. Bhunaigh an Grúpa Cobhsaíochta Airgeadais foghrúpa chun faireachán agus tuairisciú breisithe a chomhordú ar na tionchair intíre a eascraíonn as cliseadh SVB.

“Cuimsíonn an foghrúpa oifigigh ón Roinn Airgeadais, ó Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta agus ó Bhanc Ceannais na hÉireann, mar aon le hoifigigh ó ranna agus gníomhaireachtaí a bhfuil caidreamh díreach acu leis an earnáil teicneolaíochta in Éirinn. Tiocfaidh an foghrúpa le chéile ar bhonn tráthrialta agus tabharfaidh sé tuairisc dom ar aon fhorbairtí a thagann chun cinn.”