English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas an Aire Donohue tar éis torthaí bliantúla Natwest a bheith fógartha agus cinneadh faoi thodhchaí an bhainc a bheith tógtha ag Ulster Bank in Éirinn

Agus é ag rá ar maidin (Aoine) tar éis do National Westminster Bank plc (Natwest) a fhógairt go mbeidh Ulster Bank Ireland DAC (Ulster Bank) le himeacht ó mhargadh na hÉireann, dúirt an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD, gur lá deacair é ó thaobh baincéireacht na hÉireann de, agus ó thobh foireann Ulster Bank a bhfuil ag fáil nuacht faoi cad tá ar siúl.

Dúirt sé freisin áfach go mbaineann tábhacht faoi leith leis an méid a dúradh le linn an phlé a tharla idir Natwest, PTSB agus contrapháirtithe bainc straitéiseacha eile go luath sa phróiseas i dtaca leis an spéis a fhéadtar a bheith acu i sócmhainní, dliteanais agus oibríochtaí SME mar aon leis an meabhrán tuisceana (MoU) ar shínigh AIB é maidir le hiasachtaí corparáideacha agus tráchtála áirithe.

I ndiaidh an fhógra, dúirt an tAire Donohue:

"Is teagmhas suntasach é cinneadh Natwest, máthairchuideachta Ulster Bank chun margadh na hÉireann a fhágáil. Tar éis di 160 bliain pobal na hÉireann a fhreastal, is brónach an lá ag gach duine é. Smaoinímid ar fhoireann Ulster Bank de réir mar a fhaigheann siadsan amach faoi dhrochscéal an dúnta

"É sin ráite, fáiltím gur tagraíodh ar maidin don dá bhanc Éireannacha eile PTSB agus AIB, go bhfuil siadsan i mbun plé le NatWest maidir le todhchaí na gcuntas taisce atá ag Ulster bank agus lena leabhair iasachtaí a bhfuil iasachtaí SME, morgáistí, tráchtála agus miondíola iontu. Nuair is dea-scéal é seo a chuireann in iúl go bhféadtar tuilleadh forbartha a dhéanamh ar bhainc atá seanbhunaithe faoin tráth seo, tá fós obair le déanamh sna míonna atá romhainn

"Ní foláir dúinn cuimhneamh nach bhfuil ról ag an rialtas sna cinntí tráchtála mar seo. Is ar na bainc féin atá cúram na gcinntí den saghas seo agus ar na boird neamhspleácha atá acu.

"Tá athdhearbhú faighte ag custaiméirí Ulster Bank go bhfuil cosaint tomhaltóirí ar bun sa chás go n-imeodh an banc ó mhargadh na hÉireann, cóid iompair an Bhainc Ceannais ina measc agus beidh téarmaí aon chonartha Ulster Bank atá ann anois i bhfeidhm as seo amach.

"Fáiltím freisin fógra ina luaitear go n-aistreoidh roinnt fostaithe Ulster Bank chuig AIB de réir an mheabhráin tuisceana a bhí aontaithe leis an mbanc sin. Cuirtear fáilte roimhe gur gheall an banc dul i dteagmháil leis an bhfoireann sa chaoi is go n-íoslaghdófar an tionchar orthu. Táim ag súil go rachaidh Ulster Bank i mbun plé leis an bhfoireann ar bhealach oscailte agus trédhearcach de réir mar a ghluaiseann an próiseas ar aghaidh

"Beidh tírdhreach baincéireachta gann de bharr chaillteanas Ulster Bank tar éis a oiread blianta a bheith anseo ach anois cuirfimid an bhéim ar cad is féidir a dhéanamh agus córas baincéireachta iomaíoch na hÉireann a neartú amach anseo.

Deireadh leis an gcaint