Rún scaireanna a dhíol i nGrúpa AIB Cpt trí phlean trádála
- Foilsithe: 21 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Fógraíonn an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD, inniu go bhfuil sé ar intinn aige cuid de scairsheilbh 71.12% faoi threoir an Stáit i nGrúpa AIB Cpt (an “Cuideachta”) a dhíol sna sé mhí seo chugainn trí bhíthin plean trádála réamhshocraithe a bhainisteoidh Merrill Lynch International (“BofA Securities”). Ceapadh BofA Securities sa ról ó Phainéal Comhairleoirí Airgeadais na Roinne Airgeadais tar éis mionchomórtas tairisceana.
Faoin bplean trádála, tugadh sainordú do BofA Securities díol tomhaiste agus ordúil scaireanna sa Chuideachta a dhéanamh thar ceann an Aire. Tá treoir tugtha ag an Aire do BofA Securities díriú ar dhíol suas le 15% den mhéid comhiomlán trádála a bhfuiltear ag súil leis i scaireanna na Cuideachta thar thréimhse an phlean trádála. Braithfidh líon na scaireanna a dhíolfar ar dhálaí an mhargaidh, i measc tosca eile.
Chun a chinntiú go gcosnófar leas na gcáiníocóirí, ní dhíolfar scaireanna faoi bhun praghas áirithe in aghaidh na scaire, rud a choinneoidh an Roinn Airgeadais súil air. Cuirfear an plean trádála i bhfeidhm i lár mhí Eanáir agus tiocfaidh deireadh leis tráth nach déanaí ná sé mhí ina dhiaidh sin, ach is féidir é a athnuachan de rogha an Aire.
Ní chuireann an cinneadh an plean trádála a sheoladh bac ar an Aire idirbhearta eile a dhéanamh i scairsheilbh faoi threoir an Stáit sa chuideachta, a bhaineann luach ar airgead amach do cháiníocóirí, lena n-áirítear le linn théarma an phlean trádála. Mar sin, coinneoidh an tAire roghanna díola eile ar oscailt, amhail leabharbhunú luathaithe nó aischeannach faoi threoir má bhíonn fáil ar na deiseanna sin.
Ag labhairt ar an nuacht inniu, dúirt an tAire:
“Agus laghdú tagtha ar ár ngealltanas i mBanc na hÉireann buíochas lenár gclár scairthrádála, táim ag fógairt anois go bhfuilimid tar éis tús a chur arís le héirí as infheistíocht níos mó an Stáit in AIB de réir a chéile. Tá feabhas suntasach tagtha ar fheidhmíocht airgeadais an bhainc agus dúil infheisteoirí i mbainc ag feabhsú freisin, mar sin soláthraíonn na coinníollacha seo timpeallacht thacúil chun ár scairsheilbh sa bhanc a laghdú le himeacht ama. I bhfianaise na leachtachta níos ísle i scaireanna AIB, táim ag súil le go mbeidh luas na ndíolachán scaireanna níos moille ná an méid atá feicthe againn i mBanc na hÉireann, ach tá sé tábhachtach go ndéanfaimid tuilleadh dul chun cinn ar thuras ilbhlianta.”
Faoi láthair tá thart ar 1930 milliún gnáthscair ag an Aire Airgeadais sa Chuideachta trí phunann faoi threoir an Chiste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn (CISÉ). Is ionann na scaireanna seo agus 71.12% de scairchaipiteal eisithe na Cuideachta. Tá an Roinn Airgeadais á cur ar an eolas ag N.M. Rothschild & Sons Limited (“Rothschild & Co”) agus William Fry LLP maidir leis an idirbheart seo.
Críoch
Níl an preasráiteas seo le foilsiú ná le dáileadh, go hiomlán nó go páirteach, go díreach nó go hindíreach, sna háiteanna seo a leanas, ná isteach iontu nó amach astu: Stáit Aontaithe Mheiriceá (lena n-áirítear a gcríocha nó a ngabháltais, aon stát de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ceantar Columbia) (na “Stáit Aontaithe”), an Astráil, Ceanada, an tSeapáin, Poblacht na hAfraice Theas, an Eilvéis nó aon dlínse eile ina ndéanfadh a leithéid de dhlíthe nó rialacháin ábhartha na dlínse a shárú. Féadfar dáileadh an phreasráitis seo a shrianadh le dlí i ndlínsí áirithe agus ba cheart do dhaoine a dtagann aon doiciméad nó faisnéis eile dá dtagraítear anseo ina seilbh iad féin a chur ar an eolas faoi aon srian den sórt sin agus é a chomhlíonadh. D’fhéadfadh sé gur sárú ar dhlíthe urrús aon dlínse den sórt sin é aon mhainneachtain na srianta sin a chomhlíonadh.
Níl tairiscint sa phreasráiteas ar na hurrúis ná ar iarratas ar na hurrúis a cheannach, dá dtagraítear ann, a dhéantar le haon duine in aon dlínse, lena n-áirítear sna Stáit Aontaithe, san Astráil, i gCeanada, sa tSeapáin, i bPoblacht na hAfraice Theas, san Eilvéis nó in aon dlínse a bhfuil an tairiscint nó an t-iarratas sin neamhdhleathach, agus ní hionann an preasráiteas agus an tairiscint sin ar na hurrúis ná an t-iarratas sin ar na hurrúis a cheannach.
Níor cláraíodh agus ní chlárófar urrúis Ghrúpa AIB Cpt a thuairiscítear sa phreasráiteas seo faoin Acht um Urrúis sna Stáit Aontaithe 1933, arna leasú (an “tAcht um Urrúis”), ná faoi aon dlíthe stáit nó urrúis eachtracha is infheidhme agus ní fhéadfar iad a thairiscint ná a dhíol sna Stáit Aontaithe gan a bheith cláraithe nó gan dhíolúine ó cheanglais chlárúcháin an Achta um Urrúis. Ní tháirgfear urrúis go poiblí sna Stáit Aontaithe ná in aon dlínse eile.
Tá Merrill Lynch International, atá údaraithe ag an Údarás Rialála Stuamachta (an “ÚCM”) agus atá á rialú sa Ríocht Aontaithe ag an Údarás um Iompar Airgeadais (an “FCA”) agus ag an ÚCM, ag gníomhú go heisiach don Aire Airgeadais i dtaca leis an bplean trádála agus ní bhreathnóidh sé ar dhuine/daoine eile mar chliant i ndáil leis an bplean trádála agus ní bheidh sé freagrach d’aon duine seachas an tAire Airgeadas as na cosaintí a thugtar do chliaint Merrill Lynch International a sholáthar ná as comhairle a sholáthar maidir leis an bplean trádála. Níl aon dualgas, dliteanas ná freagracht dlite do Merrill Lynch International ná d’aon duine dá stiúrthóirí, dá oifigigh, dá fhostaithe, dá chleamhnaithe agus/nó dá ghníomhairí (cibé acu go díreach nó go hindíreach, cibé acu i gconradh, i dtort, faoi reacht nó ar shlí eile) d’aon duine/daoine i dtaca leis an bplean trádála ná le hábhar an fhógra seo, seachas don Aire Airgeadais.
Tá N.M. Rothschild & Sons Limited (“Rothschild & Co”), atá údaraithe agus rialaithe ag an FCA sa Ríocht Aontaithe, ag gníomhú go heisiach don Aire Airgeadais i dtaca leis an bplean trádála agus ní bheidh sé freagrach d’aon duine seachas an tAire Airgeadais as na cosaintí a thugtar do chliaint Rothschild & Co a sholáthar, ná as comhairle airgeadais a chur ar fáil i ndáil leis an bplean trádála. Níl aon dualgas, dliteanas ná freagracht dlite do Rothschild & Co ná d’aon duine dá stiúrthóirí, dá oifigigh, dá fhostaithe, dá chleamhnaithe, dá chomhpháirtithe comhghuaillíochta agus/nó dá ghníomhairí (cibé acu go díreach nó go hindíreach, cibé acu i gconradh, i dtort, faoi reacht nó ar shlí eile) d’aon duine/daoine ar/nach clia(i)nt é/iad de chuid Rothschild & Co i dtaca leis an bplean trádála.