Freagra ón Aire Donohoe ar an bhfógairt ó Permanent TSB Group Holdings plc maidir le tosú an phróisis fhoirmiúil díola
- Foilsithe: 27 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
Tugann an tAire Airgeadais faoi deara an fhógairt a rinne Permanent TSB Group Holdings plc (“PTSB” nó “an Chuideachta”) ar maidin maidir le tosú an phróisis fhoirmiúil díola atá á sheoladh ag an gCuideachta ar mhaithe le húinéir fadtéarmach nua ar PTSB a shainaithint chun tacú leis an gcéad chéim eile d’fhás agus forbairt straitéiseach PTSB. Bhí an tAire ar an eolas faoin bhfógairt agus tá sé i bhfách léi. Níl aon ráthaíocht ann gurb é an toradh a bheidh ar an bpróiseas foirmiúil díola ná go ndéanfar aon tairiscint nó go gcríochnófar aon idirbheart.
Ag labhairt dó faoi fhógairt an lae inniu, dúirt an tAire Donohoe:
“Rinne PTSB dul chun cinn iontach maidir le saincheadúnas láidir iomaíoch a thógáil i margadh baincéireachta miondíola na hÉireann. Fianaise air sin is ea an t-eolas trádála is deireanaí a eisíodh inniu maidir leis an tríú ráithe den bhliain 2025. Mar gheall ar an spéis mhéadaithe atá ag infheisteoirí i mbainc Eorpacha, tugann sé seo deis don Stát fáil réidh leis an scairsheilbh atá fágtha aige in aon bhanc Éireannach tar éis tréimhse 17 mbliana.
“Ba le linn na géarchéime airgeadais a rinneadh infheistíocht an Stáit in PTSB, agus é mar aidhm léi cobhsaíocht an chórais baincéireachta a choimirciú agus taisceoirí a chosaint. Bheadh díol infheistíocht an Stáit ag teacht leis an gcuspóir atá ann na cistí cáiníocóra a úsáideadh chun na bainc Éireannacha a tharrtháil a aisghabháil agus na cistí sin a imscaradh chun críocha níos táirgiúla.
“Thacaigh an Stát go mór le PTSB, agus leanann sé le tacú go mór leis, agus creideann an rialtas gur chun leasa fhadtéarmaigh PTSB agus na saoránach i gcoitinne atá sé an Banc a chur faoi úinéireacht phríobháideach iomlán an athuair. Tá PTSB ina chuid thábhachtach den mhargadh baincéireachta miondíola agus de mhórgheilleagar na hÉireann, agus gnóthaíonn tomhaltóirí tuilleadh rogha as a fhás inbhuanaithe leantach.”
Sealbhaíonn an tAire 313,382,197 ngnáthscair in PTSB faoi láthair, cothrom le 57.4% de scairchaipiteal eisithe PTSB.
Rinne an Roinn Airgeadais Rothschild & Co. agus William Fry a cheapadh mar chomhairleoirí airgeadais agus mar chomhairleoirí dlí faoi seach don phróiseas foirmiúil díola.