Síneadh curtha ag an Aire le plean trádála scaireanna rathúil Bhanc na hÉireann

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Síneadh curtha ag an Aire le plean trádála scaireanna rathúil Bhanc na hÉireann

Mar thoradh ar a fhógra ar an 23 Meitheamh 2021, fógraíonn an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD, inniu go bhfuil síneadh curtha le plean trádála scaireanna Bhanc na hÉireann. Is céim eile é seo chun beartas an Rialtais maidir leis na bainc a chur ar ais faoi úinéireacht phríobháideach a chur i gcrích.

Is ionann na fáltais a gineadh ón bplean trádála scaireanna ó seoladh é agus timpeall €249m. Tá beagnach €6.2bn d’airgead aisghafa ag an Rialtas anois óna infheistíocht €4.7bn i mBanc na hÉireann agus tacaíocht do Bhanc na hÉireann sa tréimhse 2009-2011.

Díoladh scaireanna tríd an bplean trádála scaireanna ar mheánphraghas €4.96 agus laghdaíodh scairsheilbh faoi threoir an Stáit sa bhanc ó 13.9% go 9.3%.

Bhí an plean trádála scaireanna le críochnú tráth nach déanaí ná an 7 Eanáir 2022. Ciallaíonn an síneadh a fógraíodh inniu go dtiocfaidh deireadh leis an bplean anois tráth nach déanaí ná an 20 Bealtaine 2022, mura gcuirfidh an tAire síneadh breise leis.

Agus síneadh an phlean trádála scaireanna á fhógairt, dúirt an tAire:

“Nuair a d’fhógair mé seoladh an phlean trádála scaireanna i mhí an Mheithimh, leag mé béim ar na buntáistí a bhaineann le hinfheistíocht an Stáit i mBanc na hÉireann a dhiúscairt de réir a chéile ag baint úsáid as an gcur chuige seo. Mar gheall ar an rath a bhí air go dtí seo, creidim go bhfuil sé ar mhaithe le leas an cháiníocóra an plean a leathnú ar feadh tréimhse eile”.

De réir thiomantas an Rialtais an luach is fearr a sholáthar don cháiníocóir, ní dhíolfar scaireanna faoi bhonnphraghas réamhchinntithe a choinneoidh an Roinn Airgeadais faoi athbhreithniú.

Leanfaidh Citigroup Global Capital Markets (“Citi”) de bheith ag gníomhú thar ceann an Aire chun an plean trádála scaireanna a chur i gcrích. Leanfaidh Citi ar aghaidh ag díriú ar 15%, ar a mhéad, den mhéid trádála iomlán comhiomlán ionchasach sa Chuideachta a dhíol thar thréimhse an phlean trádála scaireanna. Braithfidh líon na scaireanna a dhíoltar ar dhálaí an mhargaidh, i measc tosca eile.

Tá comhairle á cur ar an Roinn Airgeadais ag N.M. Rothschild & Sons Limited (“Rothschild &Co”) agus William Fry maidir leis an idirbheart seo.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat