English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seoltar Suirbhé ar Gheallsealbhóirí maidir leis an Straitéis Náisiúnta um Litearthacht Airgeadais

Inniu (Dé Céadaoin, an 9 Lúnasa), d’fhoilsigh an Roinn Airgeadais suirbhé ar gheallsealbhóirí mar chuid den obair chun straitéis náisiúnta um litearthacht airgeadais a fhoilsiú.

Tá an suirbhé ar líne ar oscailt do gach geallsealbhóir anois chun gur féidir leo mionsonraí a thabhairt faoina ngníomhaíochtaí reatha i réimse na litearthachta agus an oideachais airgeadais agus chun gur féidir leo a gcuid tuairimí a thabhairt ar an gcuma ba cheart a bheith ar straitéis náisiúnta um litearthacht airgeadais in Éirinn.

Tá an suirbhé seo mar chuid den chéim léarscáilithe thosaigh d’fhorbairt na straitéise. Tá sé mar aidhm leis faisnéis a bhailiú faoi na cláir litearthachta airgeadais agus na tionscnaimh oideachais airgeadais atá ar siúl ar fud ranna rialtais, gníomhaireachtaí stáit, na sochaí sibhialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachtaí ionadaíocha agus na hearnála airgeadais. Tá sé mar aidhm leis freisin rochtain ar an oideachas airgeadais ar fud an daonra a léarscáiliú.

Beidh an suirbhé ar oscailt go dtí an 15 Meán Fómhair 2023. Úsáidfear na freagraí ar an suirbhé mar bhonn le linn dul i dteagmháil tuilleadh le geallsealbhóirí chun sainaithint a dhéanamh ar réimsí ina bhfuil bearnaí litearthachta airgeadais le dúnadh agus ar spriocphobail fhéideartha le haghaidh idirghabhálacha.

Ag labhairt dó faoi fhoilseachán an lae inniu, dúirt Michael McGrath, an tAire Airgeadais:

“Tá seoladh an tsuirbhé seo ina chéim an-tábhachtach i dtreo straitéis náisiúnta um litearthacht airgeadais a fhorbairt. Chun forbairt a dhéanamh ar straitéis a n-éireoidh léi do gach cuid de shochaí na hÉireann, beidh sé riachtanach dearcthaí na ngeallsealbhóirí uile a fháil. Mholfainn do na geallsealbhóirí ábhartha uile a dtuairimí a chur in iúl tríd an suirbhé, agus táim ag tnúth leis an aiseolas a scrúdú nuair a bheidh an suirbhé thart.”


Tairseach Comhairliúcháin na Roinne Airgeadais


Nótaí

Sa bhliain 2022, moladh san Athbhreithniú ar Bhaincéireacht Mhiondíola don Roinn Airgeadais féachaint lena chinntiú go n-oibreoidh na geallsealbhóirí uile le chéile ionas go gcomhlíonfaidh Éire Prionsabail Ardleibhéil na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le Cosaint Tomhaltóirí Airgeadais agus an Moladh ó ECFE maidir le Litearthacht Airgeadais.

Forbrófar Straitéis Náisiúnta na hÉireann um Litearthacht Airgeadais ar aon dul leis an Moladh ó ECFE maidir le Litearthacht Airgeadais (2020).

Tá an moladh sin le húsáid mar ionstraim chun cabhrú le rialtais, le húdaráis phoiblí agus le geallsealbhóirí ábhartha eile beartais litearthachta airgeadais a dhearadh, a chur chun feidhme agus a mheas.

Sa Mholadh ó ECFE maidir le Litearthacht Airgeadais 2020, sainmhínítear litearthacht airgeadais mar a leanas:

“meascán den fheasacht airgeadais, den eolas airgeadais, de na scileanna airgeadais, de na dearcthaí airgeadais agus de na hiompraíochtaí airgeadais is gá chun cinntí fónta airgeadais a dhéanamh agus, ar deireadh, chun folláine airgeadais aonair a bhaint amach”.

D’fhógair Michael McGrath, an tAire Airgeadais, forbairt na straitéise an 6 Iúil 2023.