Ráiteas ón Tánaiste Simon Harris TD, an tAire Airgeadais, tar éis an Chruinnithe den Ghrúpa Euro inniu, inar díríodh ar an tionchar eacnamaíoch atá ag an gcoinbhleacht leanúnach sa Mheánoirthear
- Foilsithe: 27 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 28 Aibreán 2026
Tionóladh an cruinniú den Ghrúpa Euro inniu i gcomhthéacs éiginnteachta suntasaí eacnamaíche domhanda, atá ag eascairt as an gcoinbhleacht leanúnach sa Mheánoirthear agus as na himpleachtaí atá aici do mhargaí fuinnimh, do bhoilsciú agus d’fhás geilleagrach.
Bunaithe ar an bplé a bhí againn, lenar áiríodh ionchuir ón mBanc Ceannais Eorpach agus ón gCoimisiún Eorpach, is léir go mbeidh tionchar ag trí thoisc ríthábhachtacha ar an ionchas eacnamaíoch domhanda agus ar ionchas eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh: fad, déine agus forleathadh na suaití fuinnimh atá ann faoi láthair.
Bhí mé an-bhuíoch as faisnéis shubstaintiúil a fháil ó Cheann na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh ag an gcruinniú, agus é ag tabhairt anailís cothrom le dáta ar mhargaí domhanda fuinnimh.
Is léir anois gur de scála stairiúil atá an ghéarchéim dhomhanda reatha fuinnimh agus go ndearnadh damáiste suntasach do bhonneagar fuinnimh. Fiú amháin dá gcuirfí deireadh leis an gcoinbhleacht inniu, tá an damáiste déanta, tá sé suntasach agus beidh tionchar aige.
Mhínigh mé ag an gcruinniú go ndearna Éire bearta spriocdhírithe an tseachtain seo chun cabhrú le daoine déileáil le costais bhreosla, chun tacaíocht a thabhairt do na daoine is leochailí agus chun cabhrú leis na príomhearnálacha dár ngeilleagar.
Leag mé béim freisin ar a thábhachtaí atá sé go n-oibreoimis le chéile chun dlús a chur lenár n-aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite agus chuig neamhspleáchas fuinnimh – gheall Uachtarán an Ghrúpa Euro dul i mbun plé ar an ní sin amach anseo. Féachaim air sin mar chuid lárnach de shlándáil eacnamaíoch na hEorpa a neartú.
Cé nach féidir le haon duine dínn a thuar cad atá i ndán do na forbairtí geopholaitiúla atá ann faoi láthair, leanfaidh an Grúpa Euro le hobair i ndlúthchomhar le chéile ag an am an-luaineach seo.
Ó thaobh na hÉireann de, tá riocht láidir eacnamaíoch orainn agus sinn ag tabhairt aghaidh ar an tréimhse seo.
Mar sin féin, níl Éire slán ón tionchar ar an ngeilleagar domhanda. Sin an fáth a leanfaidh an Rialtas le dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí, le hullmhú do chásanna éagsúla agus le féachaint i gcónaí leis an lasóg a bhaint de chúrsaí.
Ag cruinniú an lae inniu, treisíodh an tábhacht a bhaineann le ceapadh beartais eacnamaíoch atá socair, comhordaithe agus freagrach le linn tréimhsí éiginnte. Leanfaidh an méid sin le cur chuige na hÉireann a threorú san am atá le teacht.
CRÍOCH