Laghdaítear scairsheilbh an Stáit in AIB go nialas tar éis diúscairt rathúil eile scaireanna
- Foilsithe: 16 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2025
Chuir Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais, fáilte inniu roimh dhiúscairt rathúil an mhéid a bhí fágtha de scairsheilbh ordaithe Stát na hÉireann in AIB Group plc (“AIB”) trí idirbheart luathaithe leabharbhunaithe.
Ag labhairt dó faoin idirbheart, dúirt an tAire Donohoe:
“Mar a fógraíodh níos luaithe inniu, dhíol an Stát leas 2.06% in AIB ar phraghas €6.94 in aghaidh na scaire, rud a ghinfidh €305.3 milliún don Státchiste tráth an ghlanta. Fágfaidh sé sin go mbeidh thart ar €19.8 billiún san iomlán tugtha ar ais don Stát go dtí seo óna infheistíocht in AIB. Gach uair a chuir an Stát idirbheart luathaithe leabharbhunaithe i gcrích go rathúil, d’éirigh linn feabhsuithe incriminteacha a bhaint amach ar an bpraghas láithriúcháin agus an lascaine a chiorrú an tráth céanna. Glacadh go maith arís eile leis an idirbheart seo, agus éileamh suntasach ann ó líon mór infheisteoirí institiúideacha idirnáisiúnta ardchaighdeáin.
“Tá an t-idirbheart luathaithe leabharbhunaithe seo ár an seachtú diúscairt den sórt seo i leith AIB, agus laghdófar scairsheilbh ordaithe an Stáit sa bhanc go nialas dá bharr. Is garsprioc thábhachtach é seo maidir le déanamh de réir bheartas an rialtais i ndáil leis an earnáil baincéireachta a chur ar ais faoi úinéireacht phríobháideach.
“Nuair a d’fhógair mé seoladh an phlean trádála scaireanna i mí na Nollag 2021, dúirt mé gurb ionann baincéireacht agus gníomhaíocht a bhfuil riosca creidmheasa ag baint léi agus, dá bhrí sin, gur cheart don earnáil phríobháideach í a sholáthar. Dá réir sin, ba cheart cistí cáiníocóirí a úsáideadh chun bainc na hÉireann a tharrtháil a aisghabháil agus a úsáid chun críocha níos táirgiúla. Trí infheistíocht an Stáit in AIB a dhiúscairt de réir a chéile i margadh a bhíonn ag fás, d’éirigh linn an cuspóir sin a chomhlíonadh dár saoránaigh.
“Ar bhonn foriomlán, bunaithe ar phraghsanna reatha margaidh, déanfaidh an Stát brabús is fiú thart ar €0.6 billiún ar an infheistíocht €29.4 billiún a rinne sé in AIB, i mBanc na hÉireann agus in PTSB.
“Sealbhaíonn an Stát barántais in AIB freisin, a eisíodh tamaillín tar éis na tairisceana tosaigh don phobal a sheol an banc sa bhliain 2017. Tá oifigigh na Roinne Airgeadais ag déanamh breithniú ar roghanna ina leith sin, lena n-áirítear na barántais sin a dhíol ar ais le AIB.”
17 Meitheamh 2025
CRÍOCH
Séanadh
Tá an phreaseisiúint seo á foilsiú chun críocha faisnéise amháin, agus ní ionann í agus tairiscint, agus ní cuid í de thairiscint, chun aon urrús de chuid AIB a dhíol sna Stáit Aontaithe nó in aon dlínse eile ina bhfuil tairiscint den sórt sin neamhdhleathach agus ní ionann í agus sireadh tairisceana chun aon urrús de chuid AIB a cheannach sna Stáit Aontaithe nó in aon dlínse eile ina bhfuil sireadh den sórt sin neamhdhleathach. Maidir leis na hurrúis de chuid AIB atá tuairiscithe sa phreaseisiúint seo, níor cláraíodh, agus ní chlárófar, iad faoi Acht na Stát Aontaithe um Urrúis, 1933, arna leasú ("an tAcht um Urrúis"), nó faoi aon dlíthe stáit nó eachtracha um urrúis is infheidhme, agus ní fhéadfar iad a thairiscint nó a dhíol sna Stáit Aontaithe in éagmais clárúcháin nó in éagmais díolúine ó cheanglais chlárúcháin an Achta um Urrúis. Ní raibh aon tairiscint phoiblí urrús ann sna Stáit Aontaithe.