Freastalaíonn an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, ar chruinniú den Ghrúpa Euro

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Freastalaíonn an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, ar chruinniú den Ghrúpa Euro

Tabharfaidh Ceann na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh faisnéis do na hAirí Airgeadais maidir leis na forbairtí is déanaí sa mhargadh fuinnimh agus maidir le freagairtí féideartha beartais.

Tá an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, ag freastal ar chruinniú fíorúil den Ghrúpa Euro inniu, áit a bpléifidh Airí Airgeadais an Aontais Eorpaigh an tionchar eacnamaíoch atá ag an gcoinbhleacht leanúnach sa Mheánoirthear.

Tabharfaidh Fatih Birol, Ceann na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh, faisnéis do na hAirí Airgeadais maidir leis na forbairtí fuinnimh is déanaí agus maidir le freagairtí féideartha beartais.

Pléifear freisin ag an gcruinniú na cruinnithe idirnáisiúnta earraigh atá le teacht in Washington DC agus an obair atá ar siúl go fóill ar Aontas Coigiltis agus Infheistíochta.

Ag labhairt dó inniu roimh an gcruinniú, dúirt an Tánaiste:

“Ní práinneach don Eoraip is ea an staid sa Mheánoirthear. Tá an luaineacht i bpraghsanna fuinnimh ina saincheist a nglacann Rialtas na hÉireann agus Rialtas na mBallstát eile den Aontas Eorpach an-dáiríre léi, a mhéid a bhaineann leis an tionchar a bhíonn aici ar shaoránaigh agus leis an éifeacht a bhíonn aici ar ghnólachtaí agus iomaíochas na hEorpa i gcoitinne araon. Is maith is eol dúinn go léir an gá atá le bheith comhordaithe i gcónaí inár gcuid gníomhartha, agus táim ag tnúth le cluinstin ó mo chomhghleacaithe maidir leis na bearta atá á gcur i bhfeidhm acu. Tá sé tábhachtach go leanfaimis le faireachán a dhéanamh ar an éifeacht a bhíonn ag praghsanna fuinnimh ar theaghlaigh agus gnólachtaí na hEorpa agus go mbeadh aon fhreagairtí beartais sealadach, spriocdhírithe agus ailínithe leis na rialacha fioscacha.

Táim ag tnúth freisin le caidreamh a dhéanamh le comhghleacaithe maidir leis na hullmhúcháin atá á ndéanamh againn faoi láthair do Chruinnithe Earraigh an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) agus G20, a chuirfear ar siúl in Washington DC i mí Aibreáin.

I ndiaidh na míreanna sin, pléifimid litir a d'eisigh grúpa neamhfhoirmiúil de shé Bhallstát le déanaí maidir leis an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta a chur ar aghaidh.

Táim ag tnúth leis na míreanna uile sin a phlé le mo chomhghleacaithe Eorpacha Dé hAoine.

Bhí sé beartaithe ar dtús an cruinniú den Ghrúpa Euro a chur ar siúl i gcomhthráth leis an gcruinniú neamhfhoirmiúil den Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais sa Niocóis a bheadh ar siúl mar chuid d’Uachtaránacht na Cipire ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Mar gheall ar an staid leanúnach sa Mheánoirthear, áfach, cinneadh an cruinniú neamhfhoirmiúil sin a chur siar agus an Grúpa Euro a sheoladh i suíomh fíorúil.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat