Tionólann an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, cruinniú cuiditheach leis an Seansailéir Reeves
- Foilsithe: 28 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 28 Aibreán 2026
Bhí cruinniú croíúil cuiditheach ag an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, agus ag an Seansailéir Rachel Reeves i Londain inniu, áit ar athdhearbhaigh siad an dlúthchaidreamh buan atá ann idir an Ríocht Aontaithe agus Éire agus an tábhacht a bhaineann le comhar dearfach marthanach idir an dá thír.
Phléigh siad an t-ionchas buiséadach agus eacnamaíoch sa dá thír agus sa mhórthimpeallacht dhomhanda, lenar áiríodh na himpleachtaí eacnamaíocha a bhaineann leis an gcoinbhleacht leanúnach sa Mheánoirthear.
Thug siad faoi deara gur rannchuidigh an choinbhleacht reatha cheana féin le luaineacht i margaí domhanda fuinnimh agus leis an méadú ar bhrúnna boilscitheacha. D’athdhearbhaigh siad an tábhacht a bhaineann le hiarrachtaí taidhleoireachta maidir le teannas a laghdú agus maidir le maolú a dhéanamh ar na mórthionchair eacnamaíocha ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí.
Thug an Tánaiste agus an Seansailéir faoi deara an t-idirspleáchas eacnamaíoch domhain atá ann idir Éire, an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach. Chomhaontaigh an bheirt airí go bhfuil sé mar thosaíocht chomhroinnte acu go fóill airgeadas poiblí inbhuanaithe a choinneáil ar bun agus, an tráth céanna, tacú le fás, le hinfheistíocht agus le hiomaíochas.
Phléigh siad deiseanna le haghaidh comhar níos doimhne i réimsí amhail trádáil, seirbhísí airgeadais, slándáil fuinnimh agus an t-aistriú glas.
D’athdhearbhaigh an Tánaiste agus an Seansailéir an tiomantas atá acu an caidreamh idir Éire agus an Ríocht Aontaithe a neartú, lena n-áirítear trí na hinstitiúidí de chuid na Breataine-na hÉireann a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta. Labhair siad faoin toradh rathúil a bhí ar an dara cruinniú mullaigh idir an Ríocht Aontaithe agus Éire a tionóladh i gCorcaigh an Aoine seo caite. D’fháiltigh siad roimh an móiminteam dearfach leantach atá ann i gcaidreamh déthaobhach.
Agus é ag féachaint chun cinn ar Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh atá le teacht, thug an Tánaiste breac-chuntas ar thosaíochtaí na hÉireann, lena n-áirítear athléimneacht eacnamaíoch a neartú, iomaíochas na hEorpa a mhéadú, agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a dhoimhniú.
Chomhaontaigh an Seansailéir agus an Tánaiste coinneáil i ndlúth-theagmháil agus leanúint le hobair i gcomhar le chéile chun an chomhpháirtíocht eacnamaíoch idir Éire agus an Ríocht Aontaithe a neartú sna míonna atá le teacht.