English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Téann an tAire Donohoe go dtí an Eastóin agus an Fhionlainn chun bualadh le comhghleacaithe sa Ghrúpa Euro

Tá an tAire Airgeadais agus Uachtarán an Ghrúpa Euro, Paschal Donohoe T.D., ag taisteal chun na hEastóine agus na Fionlainne le haghaidh sraith chruinnithe.

Ar an gCéadaoin an 02 Márta i dTaillinn, buailfidh an tAire Donohoe leis an Aire Airgeadais Keit Pentus-Rosimannus, chun an staid gheopholaitiúil reatha a phlé, agus chun saincheisteanna an Ghrúpa Euro lena n-áirítear an tAthbhreithniú ar Rialachas Eacnamaíoch agus an tAontas Baincéireachta a phlé. Buailfidh sé freisin le Madis Müller, Uachtarán Bhanc Ceannais na hEastóine.

Le linn dó a bheith san Eastóin, glacfaidh an tAire Donohoe páirt i gcruinniú speisialta ECOFIN VC chun gnéithe eacnamaíocha agus airgeadais na staide san Úcráin a phlé.

Ar an Déardaoin 03 Márta, rachaidh an tAire Donohoe go Heilsincí chun bualadh leis an Aire Airgeadais Annika Saarikko. Beidh cruinniú aige freisin le Matti Vanhanen, Ceann Comhairle Pharlaimint na Fionlainne. Ina theannta sin, buailfidh sé leis an Dr Olli Rehn, Gobharnóir Bhanc Ceannais na Fionlainne.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Donohoe:

"Tugann na tréimhsí dorcha seo le fios tábhacht na taidhleoireachta, na dlúthpháirtíochta agus na haontachta. Táimid ag gníomhú chun freagairt go cinntitheach d'ionradh eisceachtúil agus uafásach na Rúise ar an Úcráin. Mar sin féin, ní mór dúinn leanúint dár gcuid oibre maidir leis na saincheisteanna beartais atá mar bhunchloch ag an Aontas seo againne. Tá áthas orm a bheith in ann taisteal go pearsanta chun bualadh le mo chomhghleacaithe sa Ghrúpa Euro ina bpríomhchathracha, chun na saincheisteanna sin a phlé. Leanfaimid lenár gcuid oibre chun ár nAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a neartú agus a dhoimhniú."

D'fhéadfadh an clár cruinnithe sin a bheith faoi réir athraithe de réir mar a éilíonn an staid san Úcráin atá ag teacht chun cinn agus ag brath ar an staid sin.

CRÍOCH

Nóta don Eagarthóir:

Toghadh an tAire Donohoe ina Uachtarán ar an nGrúpa Euro i mí Iúil 2020. Is féidir tuilleadh eolais faoi chlár Oibre an Ghrúpa Euro a fháil ag:

https://www.consilium.europa.eu/en/council-eu/eurogroup/president/