Taistealaíonn an tAire McGrath go dtí an Bhruiséil chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag cruinnithe de chuid Airí Airgeadais ECOFIN agus an Ghrúpa Euro
- Foilsithe: 13 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Dé Luain an 13 Bealtaine, taistealóidh Michael McGrath, an tAire Airgeadais, go dtí an Bhruiséil chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag na cruinnithe de chuid na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN) agus an Ghrúpa Euro do mhí na Bealtaine.
Ag labhairt dó roimh na cruinnithe, dúirt an tAire McGrath:
“Is laethanta gnóthacha a bheidh sa dá lá seo, ar lena linn a rachaidh mé i mbun plé le mo chomh-Airí ó gach cuid den Eoraip. Breithneoimid raon leathan saincheisteanna tábhachtacha a imríonn tionchar díreach ar ár ngeilleagair agus ar ár sochaithe, idir iomaíochas, cháin, an aeráid, agus na dúshláin fhioscacha a bhaineann le daonraí atá ag dul in aois. Pléifimid mórfhorbairtí idirnáisiúnta freisin, lena n-áirítear an tacaíocht ríthábhachtach a thugann an Eoraip don Úcráin.”
Ag tosú ag an nGrúpa Euro tráthnóna Dé Luain, cluinfidh an tAire McGrath agus a chomhghleacaithe ón limistéar euro faoi na cruinnithe idirnáisiúnta a tionóladh le déanaí, lena n-áirítear cruinnithe Earraigh Ghrúpa an Bhainc Dhomhanda agus an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta in Washington (ar ar fhreastail an tAire McGrath freisin). Gheofar an t-eolas tráthrialta is deireanaí ar an Aontas Baincéireachta ina dhiaidh sin. Cuirfear tús leis an nGrúpa Euro i bhformáid chuimsitheach* ansin, áit a mbeidh deis ag na hAirí leanúint lena bplé téamach ar iomaíochas an limistéir euro. Ar deireadh, gheofar an t-eolas is deireanaí ar an obair atá ar siúl ar Aontas na Margaí Caipitil.
Cuirfear tús leis an gcruinniú de chuid ECOFIN maidin Dé Máirt, tráth a dhéanfar an gnáthphlé bricfeasta oibre ar an staid eacnamaíoch. Cluinfear faoinar thit amach ag an nGrúpa Euro an lá roimhe freisin.
Tar éis an bhricfeasta, beidh malartú tuairimí ann i measc na nAirí maidir le tionchar eacnamaíoch agus airgeadais ionsaí na Rúise ar an Úcráin. Pléifear roinnt comhad cánach ina dhiaidh sin. Pléifear ar dtús an Treoir maidir le faoiseamh níos tapúla agus níos sábháilte ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha, ar Treoir í atá deartha chun feabhas a chur ar an rochtain atá ag infheisteoirí ar fhaoiseamh ó chánacha siarchoinneálacha agus chun cosaint a thabhairt ar chalaois. Pléifidh na hAirí an pacáiste maidir le ‘CBL sa ré dhigiteach’ ansin, rud a bhfuil mar aidhm leis creataí CBL a thabhairt cothrom le dáta chun cuntas a thabhairt ar dhigitiú méadaithe ár ngeilleagar.
Chomh maith leis sin, tabharfaidh an Coimisiún an t-eolas is deireanaí ar thograí reachtacha reatha le haghaidh seirbhísí airgeadais agus ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, agus ceadú á lorg le haghaidh dhá Phlean leasaithe Téarnaimh agus Athléimneachta ón Iodáil agus ón Spáinn. Pléifidh na hAirí ansin na Conclúidí ón gComhairle maidir leis an tionchar atá ag daonraí atá ag dul in aois ar inbhuanaitheacht fhioscach agus ar litearthacht airgeadais araon.
Is é an mhír dheireanach ar an gclár oibre ná an t-eolas is deireanaí a fháil ar obair Chomhghuaillíocht na nAirí Airgeadais um Ghníomhú ar son na hAeráide de bhun an chruinnithe dá cuid an 17 Aibreán.
Nóta d’eagarthóirí:
.*Ag an nGrúpa Euro i bhformáid chuimsitheach, tugtar le chéile na hairí eacnamaíocha agus airgeadais ó na Ballstáit uile.
Tugann an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN) airí airgeadais an Aontais Eorpaigh le chéile.