English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Taistealaíonn an tAire Michael McGrath go Lucsamburg chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag cruinnithe de chuid ECOFIN agus an Ghrúpa Euro

Déardaoin an 11 Aibreán, taistealóidh Michael McGrath, an tAire Airgeadais, go Lucsamburg chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag na cruinnithe de chuid na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN) agus an Ghrúpa Euro do mhí Aibreáin.

Ag labhairt dó roimh na cruinnithe, dúirt an tAire McGrath:

“Táim ag tnúth le dul i bpáirt le mo chomh-Airí ar feadh dhá lá ghnóthacha de chruinnithe. I measc na bpríomh-shaincheisteanna atá ar an gclár oibre an mhí seo tá cur chun feidhme Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais Eorpaigh, tionchar eacnamaíoch agus airgeadais fhogha na Rúise faoin Úcráin, agus na hullmhúcháin do chruinniú airí airgeadais agus ghobharnóirí bainc ceannais G20 agus do chruinnithe bliantúla an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta in Washington.”

Ag tosú ag an nGrúpa Euro tráthnóna Déardaoin, rachaidh an tAire McGrath i bpáirt lena chomhghleacaithe ón limistéar euro chun ullmhú do chruinnithe Earraigh Ghrúpa an Bhainc Dhomhanda agus an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, áit a ndíreoidh siad go sonrach ar an ráta malairte agus ar fhorbairtí boilscithe sa limistéar euro. Déanfar idirphlé ar iomaíochas ansin, lena n-áireofar feidhmíocht trádála agus conas an euro a neartú i dtimpeallacht dhomhanda a bhíonn ag éirí níos ilroinnte i gcónaí.

Déanfaidh an Grúpa Euro i bhformáid chuimsitheach* plé ansin ar an staid reatha maidir le tionscadal an euro dhigitigh.

Cuirfear tús leis an gcruinniú de chuid ECOFIN maidin Dé hAoine, tráth a chuirfear bricfeasta foirmiúil oibre ar siúl agus a gheofar an t-eolas tráthrialta is deireanaí ar an staid eacnamaíoch. Cluinfear faoinar thit amach ag an nGrúpa Euro an lá roimhe freisin.

Tar éis an bhricfeasta, déanfaidh Airí ECOFIN athbhreithniú ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, ar an meastóireacht lár téarma a rinneadh ar an tSaoráid agus ar na conclúidí ón meastóireacht sin. Beidh malartú tuairimí ann ansin ar thionchar eacnamaíoch agus airgeadais fhogha na Rúise faoin Úcráin, lena n-áireofar cur i láthair ón gCoimisiún. Ina dhiaidh sin, déanfar plé eile roimh chruinniú airí airgeadais agus ghobharnóirí bainc ceannais G20 agus roimh chruinnithe bliantúla an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.

Is é an mhír dheireanach ar an gclár oibre ná cur i láthair ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh maidir lena cuid gníomhaíochtaí, go háirithe i ndáil le calaois CBL.


Nótaí

Ag an nGrúpa Euro i bhformáid chuimsitheach, tugtar le chéile na hairí eacnamaíocha agus airgeadais ó na Ballstáit uile.

Tugann an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN) airí airgeadais an Aontais Eorpaigh le chéile.