Fógraíonn an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, foilsiú an Chompáis um Chreidmheas Cánach Taighde agus Forbartha agus um Nuálaíocht
- Foilsithe: 16 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 28 Aibreán 2026
D’fhoilsigh an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, an Compás um Chreidmheas Cánach Taighde agus Forbartha agus um Nuálaíocht inniu.
Sa Chompás, tugtar do gheallsealbhóirí agus do chuideachtaí atá gníomhach i réimse an taighde agus na forbartha léargas ar an mbreithniú beartais a dhéantar ar shaincheisteanna a tarraingíodh anuas mar chuid den phróiseas comhairliúcháin maidir le taighde agus forbairt a reáchtáladh anuraidh. Leagtar amach sa Chompás freisin plean meántéarmach le haghaidh an córas taighde agus forbartha a fhorbairt agus a fheabhsú agus le haghaidh tacaí don nuálaíocht i gceithre mhór-réimse:
- Caiteachas Cáilitheach
- Caiteachas Caipitil
- Riarachán agus Simpliú
- Tacaí don Nuálaíocht
Cuireadh tús le hobair ina bhfuiltear ag breathnú ar na bearta fochonraitheoireachta agus ar bhearta atá ceaptha chun tacú leis an nuálaíocht.
Dúirt an Tánaiste:
“Tá lúcháir orm foilsiú an Chompáis um Chreidmheas Cánach Taighde agus Forbartha agus um Nuálaíocht a fhógairt.
Tagann foilsiú an Chompáis seo sna sála ar fhoilsiú an athbhreithnithe ar thaighde agus forbairt 2025 le déanaí. Agus aitheantas á thabhairt don rannchuidiú a rinne freagraithe le linn an phróisis comhairliúcháin a bhí ina chuid den athbhreithniú sin, agus dá thábhachtaí atá sé go mbeadh gnólachtaí agus geallsealbhóirí eile ar an eolas faoin dóigh a leanfar le breithniú beartais a dhéanamh ar na saincheisteanna a tharraing siad anuas, leagtar amach sa Chompás conair mheántéarmach le haghaidh tuilleadh oibre i ndáil leis an gcreidmheas cánach taighde agus forbartha agus i ndáil le tacaí cánach don nuálaíocht.
Sainaithnítear sa Chompás réimsí a athbhreithneofar tuilleadh le linn théarma an Rialtais seo, agus cinnfear an treo sonrach i ngach ceann de na réimsí sin de réir mar a chuirtear an anailís iomchuí i gcrích.”