Taistealaíonn an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, go Londain chun tabhairt faoi chlár imeachtaí Lá Fhéile Pádraig

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Taistealaíonn an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, go Londain chun tabhairt faoi chlár imeachtaí Lá Fhéile Pádraig

Tá an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, i Londain inniu (an 15 Márta) chun tabhairt faoi chlár imeachtaí Lá Fhéile Pádraig, lena n-áireofar cruinnithe déthaobhacha le Rachel Reeves MP, Seansailéir Státchiste na Ríochta Aontaithe, agus le David Lammy MP, Leas-Phríomh-Aire na Ríochta Aontaithe.

Is é seo an dara cuairt ón Tánaiste do Lá Fhéile Pádraig, tar éis dó cuairt a thabhairt ar Pháras níos luaithe an tseachtain seo, áit ar thug sé faoi shraith imeachtaí caidrimh pholaitiúil, gnó agus cultúir.

Mar chuid dá chlár i Londain, glacfaidh an Tánaiste páirt i roinnt imeachtaí pobail, lena n-áireofar paráid Lá Fhéile Pádraig Londan inniu (Dé Domhnaigh, an 15 Márta). Buailfidh sé le raon leathan ceannairí ar an bPobal Éireannach freisin.

Amárach (Dé Luain, an 16 Márta), tabharfaidh sé aitheasc os comhair cruinniú comhchéime le feidhmeannaigh ghnó ag ócáid a óstálfaidh Comhlachas Tráchtála na Breataine-na hÉireann. Labhróidh sé freisin ag Fóram Seirbhísí Airgeadais Bloomberg níos déanaí an mhaidin sin.

Níos déanaí sa lá, tionólfaidh an Tánaiste cruinnithe déthaobhacha le Seansailéir an Státchiste agus leis an Leas-Phríomh-Aire.

Ag labhairt dó roimh an gcuairt, dúirt an Tánaiste:

Mar gheall ar na naisc dhoimhne atá ann idir Éire agus an Ríocht Aontaithe, cuirim fáilte roimh an deis chun cuairt a thabhairt ar Londain chun ionadaíocht a dhéanamh don Rialtas mar chuid de chlár imeachtaí caidrimh Lá Fhéile Pádraig.

“Ar fud na Breataine, maíonn na céadta míle go bhfuil oidhreacht Éireannach acu. Tá ár dteaghlaigh, ár gcultúr agus ár ngeilleagair fite fuaite go domhain ina chéile. Ar Lá Fhéile Pádraig, faighimid an deis chun ceangal le chéile agus chun oidhreacht chomhroinnte a cheiliúradh.

“Táim ag tnúth freisin le bualadh le hionadaithe ó chuideachtaí ar fud na Ríochta Aontaithe chun ár gceangail láidre eacnamaíocha agus na dúshláin chomhroinnte agus na deiseanna comhroinnte atá romhainn a phlé.

“Mar fhocal scoir, ag teacht sna sála ar phlé an-chuiditheach a rinneadh ag cruinniú mullaigh na Ríochta Aontaithe-na hÉireann i gCorcaigh inné, táim ag tnúth le bualadh leis an Seansailéir Rachel Reeves agus leis an Leas-Phríomh-Aire David Lammy araon.

“I gcomhthéacs an chaidrimh uathúil atá againn leis an Ríocht Aontaithe, agus ag an am seo ina bhfuil éiginnteacht dhomhanda i réim, tá sé ríthábhachtach go leanfaimis le dlúthchaidreamh a chothú lenár gcomharsa is gaire.”

Críoch

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat