Taistealaíonn an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, go Páras le haghaidh imeachtaí caidrimh Lá Fhéile Pádraig

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Taistealaíonn an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, go Páras le haghaidh imeachtaí caidrimh Lá Fhéile Pádraig

Taistealóidh an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, go Páras inniu (an 10 Márta) chun tabhairt faoi chlár imeachtaí caidrimh pholaitiúil agus gnó Lá Fhéile Pádraig thar ceann Rialtas na hÉireann.

Léiríonn an téama do Lá Fhéile Pádraig 2026 áit na hÉireann ar domhan mar gheilleagar oscailte trádála. Ar aon dul leis sin, beidh cuairt an Tánaiste dírithe go mór ar chur chun cinn na trádála agus ar chaidreamh eacnamaíoch le ceann de na comhpháirtithe eacnamaíocha is tábhachtaí atá ag Éirinn san Aontas Eorpach.

Le linn chuairt an Tánaiste, glacfaidh sé páirt i gcruinnithe déthaobhacha le Mathias Cormann, Ard-Rúnaí na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE), agus le Roland Lescure, Aire Geilleagair, Airgeadais agus Ceannasachta Tionsclaíche, Fuinnimh agus Digití na Fraince.

Beidh caidreamh le cliantchuideachtaí de chuid Gníomhaireachtaí Stáit ina chuid lárnach de chlár an Tánaiste. Buailfidh sé le Servier, ar cliant de chuid GFT Éireann é agus ar grúpa cógaisíochta idirnáisiúnta neamhspleách é atá faoi rialú ag fondúireacht agus a bhfuil láithreacht sheanbhunaithe aige in Éirinn. Tabharfaidh an Tánaiste cuairt freisin ar shárthaispeántas deartha a reáchtálfaidh Castlebrook, ar cliant de chuid Fhiontraíocht Éireann é agus ar cuideachta é a sholáthraíonn réitigh throscáin, daingneán agus threalaimh agus atá gníomhach i margadh fáilteachais na Fraince. Seolfaidh an Tánaiste clár bliantúil Sheachtain Éireann de chuid Thurasóireacht Éireann sa Fhrainc freisin.

Mar gheall ar an gcaidreamh eacnamaíoch a bhíonn ag éirí níos dlúithe i gcónaí idir Éire agus an Fhrainc, buailfidh an Tánaiste le comhaltaí de NetworkIrlande, ar Comhlachas Tráchtála Franc-Éireannach é atá lonnaithe i bPáras. Tabharfaidh sé cuairt freisin ar Station F, an tsaoráid gnólachtaí nuathionscanta agus nuálaíochta is mó ar domhan, chun cluinstin faoi bhonneagar agus pobal gnólachtaí nuathionscanta teicneolaíochta na Fraince.

Ag labhairt dó roimh an gcuairt, dúirt an Tánaiste:

“Tá ríméad orm a bheith ag tabhairt cuairt ar Pháras chun Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh i mbliana. Tabharfaidh an turas seo deis dúinn an caidreamh le ceann de na comharsana is gaire atá againn san Aontas Eorpach a dhoimhniú. Tá an caidreamh Franc-Éireannach ag dul ó neart go neart le blianta beaga anuas agus, mar thoradh ar an obair sin, seoladh Comhchreat Straitéiseach na Fraince-na hÉireann 2026-2030 níos luaithe i mbliana.

“Sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair, tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh go ndoimhneoimis ár gcaidreamh lenár gcomhpháirtithe Eorpacha, a bhfuil ardmheas againn orthu. Tarraingíonn mo chaidreamh le ECFE mar chuid den chlár aird ar thiomantas leantach na hÉireann don iltaobhachas.

“Táim ag tnúth go háirithe le bualadh le príomhghníomhaithe sa chaidreamh eacnamaíoch Franc-Éireannach agus le cluinstin faoi na naisc ghnó agus eacnamaíocha atá faoi bhláth idir an dá thír agus faoin dóigh ar féidir le Rialtas na hÉireann leanúint le tacú lena bhforbairt leantach.”

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat