Fógraíonn an Tánaiste ceapachán nua chuig Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann
- Foilsithe: 28 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 28 Aibreán 2026
Tá an Tánaiste Simon Harris TD, an tAire Airgeadais, tar éis comhalta nua a cheapadh chuig Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann. Rachaidh an Dr Oana Peia i mbun an róil láithreach.
Ceapadh an Dr Peia ó phainéal d’iarrthóirí gearrliostaithe a bunaíodh tar éis próiseas roghnúcháin oscailte a sheol Poist Phoiblí nuair a bhíothas ag druidim le deireadh na bliana seo caite. Tríd an Dr Oana Peia a cheapadh chuig an gComhairle, líonfar folúntas a bhí ann cheana ó tháinig téarma oifige an Ollaimh Michael McMahon chun deiridh an 31 Nollaig 2025.
Dúirt an Tánaiste:
“Fáiltím roimh cheapachán an Dochtúra Peia chuig Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann. Ba mhaith liom tréaslú léi faoina ceapachán chuig an gComhairle agus gach rath a ghuí uirthi ina ról tábhachtach. Ba mhaith liom freisin buíochas a ghabháil leis an Ollamh Michael McMahon, an Comhalta a chuaigh as oifig, as an rannchuidiú a rinne sé le hobair na Comhairle ó ceapadh sa bhliain 2019 é.”
Beathaisnéis Ghearr
Tá an Dr Oana Peia ina hOllamh Cúnta leis an Eacnamaíocht sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), áit a ndéanann sí speisialtóireacht i macramhaoiniú agus i gcobhsaíocht airgeadais. Roimhe sin, chomhoibrigh sí le Banc Ceannais na hÉireann, leis an mBanc Ceannais Eorpach agus le Bundesbank ar thaighde ar mhaoiniú neamhbhainc agus ar sholáthar creidmheasa. Rinne sí taighde ar fhiach ceannasach, ar mhargaí bannaí agus ar bheartas fioscach freisin. Theagasc an Dr Peia raon leathan cúrsaí sa mhaicreacnamaíocht agus i mbeartas eacnamaíoch na hEorpa, agus shealbhaigh sí róil cheannaireachta laistigh de UCD. Tá sí ina comhalta bunaidh de choiste feidhmiúcháin Chumann na hÉireann do Mhná san Eacnamaíocht, agus rannchuidíonn sí go tráthrialta leis an bplé sna meáin agus leis an bplé beartais maidir le geilleagair na hÉireann agus na hEorpa.
An próiseas roghnúcháin
Seoladh an próiseas roghnúcháin le haghaidh an cheapacháin seo ar aon dul leis na “Treoirlínte do cheapacháin chuig Boird Stáit”, ar treoirlínte iad a d’fhoilsigh an Rialtas i mí na Samhna 2014. Fógraíodh an folúntas ar Stateboards.ie, agus bhainistigh Poist Phoiblí an próiseas.
Tá mionsonraí faoi Chomhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann, lena n-áirítear mionsonraí faoina comhaltaí boird, ar fáil ag www.fiscalcouncil.ie.