Fógraíonn an Tánaiste ceapachán nua chuig Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann
- Foilsithe: 28 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
Tá an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, tar éis comhalta nua a cheapadh chuig Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann. Rachaidh an tOllamh Karina Doorley i mbun an róil láithreach.
Ceapadh an tOllamh Doorley ó phainéal d’iarrthóirí gearrliostaithe a bunaíodh tar éis próiseas roghnúcháin oscailte a sheol Poist Phoiblí níos luaithe i mbliana. Tríd an Ollamh Doorley a cheapadh chuig an gComhairle, líonfar folúntas a bhí ann cheana ó tháinig téarma oifige an Ollaimh Adele Bergin chun deiridh an 31 Iúil 2025.
Dúirt an Tánaiste:
“Fáiltím roimh cheapachán an Ollaimh Doorley chuig Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann. Ba mhaith liom tréaslú léi faoina ceapachán chuig an gComhairle agus gach rath a ghuí uirthi ina ról tábhachtach. Ba mhaith liom freisin buíochas a ghabháil leis an Ollamh Adele Bergin, an Comhalta a chuaigh as oifig, as an rannchuidiú a rinne sí le hobair na Comhairle ó ceapadh sa bhliain 2021 í."
Beathaisnéis ghearr
Karina Doorley
Tá an tOllamh Karina Doorley ina heacnamaí a phléann le saincheisteanna a bhaineann leis an gcóras cánach/sochar, le dáileadh ioncaim agus le hinbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí. Bhain an tOllamh Doorley PhD amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sa bhliain 2012, agus chaith sí cúig bliana ag obair in institiúidí taighde i Lucsamburg agus sa Ghearmáin sular bhog sí chuig an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) i mBaile Átha Cliath. San am i láthair, tá sí ina comhthreoraí ar fhoireann Cánach, Leasa agus Pinsean ESRI, agus bainistíonn sí SWITCH, an tsamhail micreashamhlúcháin do chóras cánach/sochar na hÉireann.
An próiseas roghnúcháin
Seoladh an próiseas roghnúcháin le haghaidh an cheapacháin seo ar aon dul leis na “Treoirlínte do cheapacháin chuig Boird Stáit”, ar treoirlínte iad a d’fhoilsigh an rialtas i mí na Samhna 2014. Fógraíodh an folúntas ar Stateboards.ie, agus bhainistigh Poist Phoiblí an próiseas.
Tá mionsonraí faoi Chomhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann, lena n-áirítear mionsonraí faoina comhaltaí boird, ar fáil ag www.fiscalcouncil.ie.