Ceapann an Tánaiste Comhalta Nua chuig an gCoiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa
- Foilsithe: 27 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
Inniu, d’fhógair an Tánaiste Simon Harris TD, an tAire Airgeadais, ceapadh comhalta nua chuig an gCoiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa.
- An tUas. Frankie Watters, Stiúrthóir, agus Cathaoirleach Choiste Straitéise agus Riosca Chomhar Creidmheasa Dhún Dealgan.
Tá an Coiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa ina chomhairleoir tábhachtach don Aire Airgeadais agus don Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas.
Ghabh an Tánaiste buíochas leis an Ollamh Olive McCarthy, an comhalta atá ag dul as oifig, agus thréaslaigh sé leis an Uas. Watters, agus é ag rá:
“Ba mhaith liom tréaslú leis an Uas. Watters faoina cheapachán chuig an gCoiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa, agus táim ag tnúth le hobair i gcomhar leis agus leis na comhaltaí eile den Choiste Comhairleach ar shaincheisteanna comhair creidmheasa le linn tréimhse thábhachtach don earnáil. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin don rannchuidiú luachmhar a rinne an tOllamh McCarthy le linn an ama a chaith sí ar an gCoiste Comhairleach, agus guím gach rath uirthi amach anseo.”
Ghabh Robert Troy TD, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, buíochas leis an gCoiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa as a obair leanúnach:
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCoiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa as a obair leanúnach, agus táim ag tnúth le hobair go dlúth leis ar shaincheisteanna comhair creidmheasa. Ba mhaith liom tréaslú leis an Uas. Watters faoina cheapachán, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Ollamh McCarthy as an rannchuidiú suntasach a rinne sí leis an gCoiste Comhairleach.”
Nótaí don Eagarthóir
An Coiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa
Cuireann an Coiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa comhairle ar an Aire Airgeadais i gcomhréir leis an sainordú atá aige faoi alt 180 den Acht um Chomhar Creidmheasa, 1997. Is é an fheidhm reachtúil atá ag an gCoiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa comhairle a chur ar an Aire Airgeadais agus ar cibé daoine eile is cuí leis an Aire maidir leis na nithe seo a leanas:
- bainistiú comhar creidmheasa a fheabhsú;
- leas comhaltaí agus creidiúnaithe comhar creidmheasa a chosaint; agus
- cibé nithe eile a bhaineann le comhair chreidmheasa a iarrfaidh an tAire, an Banc Ceannais nó cibé daoine eile a shonróidh an tAire am go ham ar bhonn comhairle ón gCoiste.
Tagann an Coiste Comhairleach le chéile ar bhonn míosúil sa Roinn Airgeadais, áit a soláthraíonn an Roinn an rúnaíocht. Is minic a thugann sé cuireadh do gheallsealbhóirí Comhair Creidmheasa freastal ar chruinnithe chun a dtuairimí a chomhroinnt ar thopaicí éagsúla.
Ag teacht sna sála ar cheapachán an Uas. Watters, cuimseoidh an coiste iomlán an seachtar seo a leanas ón 1 Eanáir 2026:
- Lorraine Corcoran Uas., Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh um Chomhar Creidmheasa, Stiúrthóir ar Afanite, Treoraí - An Tionscnamh um Micrichreidmheas Pearsanta
- Elizabeth Boylan Uas., Cathaoirleach, An Coiste um Fhormhaoirseacht Boird, Progressive Credit Union
- An tUas. Michael Byrne, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Core Credit Union
- Therese Conway Uas., Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Collaborative Finance CLG
- An tUas. Diarmaid O’Keeffe, Ceann Iniúchóireachta, EisnerAmper Ireland
- An tOllamh Brian O’Kelly, Ollamh Emeritus le hAirgeadas ag Scoil Ghnó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
- An tUas. Frankie Watters, Stiúrthóir, agus Cathaoirleach Choiste Straitéise agus Riosca Chomhar Creidmheasa Dhún Dealgan