Tá an Tánaiste tar éis labhairt le Gobharnóir an Bhainc Ceannais agus le Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim ar a chéad lá iomlán mar Aire Airgeadais

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá an Tánaiste tar éis labhairt le Gobharnóir an Bhainc Ceannais agus le Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim ar a chéad lá iomlán mar Aire Airgeadais

Ar a chéad lá iomlán ag an Roinn Airgeadais, labhair an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais nuacheaptha, le Gobharnóir an Bhainc Ceannais agus le Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim.

Bhuail an Tánaiste le Jack Chambers, an tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, agus le hoifigigh de chuid na Roinne Airgeadais freisin.

Ag labhairt dó tráthnóna, dúirt an Tánaiste:

“Ba é seo mo chéad lá iomlán mar Aire Airgeadais – ról a bhfuil sé de phribhléid agam é a chomhlíonadh.

“Bhí áthas orm tús a chur leis an ról nua seo trí labhairt le Gabriel Mahklouf, Gobharnóir an Bhainc Ceannais, agus le Niall Cody, Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim, mar aon le bualadh leis an Aire Jack Chambers agus le hoifigigh de chuid mo roinne.

"Tá corp ollmhór oibre le déanamh sna seachtainí agus sna míonna atá le teacht. Mar Aire Airgeadais, tá rún daingean agam leanúint leis an maoirseacht láidir ar an ngeilleagar agus treisiú lenár n-airgeadas poiblí.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat