Iarrann an Tánaiste léirithe spéise i róil mar Ambasadóirí Litearthachta Airgeadais
- Foilsithe: 2 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 2 Aibreán 2026
Tá Simon Harris TD, an Tánaiste agus an tAire Airgeadais, tar éis próiseas Léirithe Spéise a oscailt le haghaidh ambasadóirí litearthachta airgeadais a cheapadh.
Imreoidh na hambasadóirí ról lárnach maidir le tacú leis an Straitéis Náisiúnta um Litearthacht Airgeadais, atá faoi stiúir ag an Roinn Airgeadais.
Cuirfidh siad príomhtheachtaireachtaí i réimse na litearthachta airgeadais in iúl agus cabhróidh siad le saoránaigh na hÉireann a chumhachtú smacht a ghlacadh ar a gcuid airgeadais.
Cuirfidh siad Straitéis an Aontais Eorpaigh um Litearthacht Airgeadais chun cinn agus glacfaidh siad páirt sa líonra ambasadóirí litearthachta airgeadais freisin.
Rinne an Tánaiste an fhógairt ag an gCéad Fhóram Bliantúil um Choigilt agus Infheistiú sa Bhanc Ceannais i mBaile Átha Cliath.
Is é 5 p.m. an 30 Aibreán 2026 an spriocdháta le haghaidh Léirithe Spéise a chur isteach.
Dúirt an Tánaiste:
“Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuiltear ag glacadh anois le Léirithe Spéise le haghaidh ambasadóirí litearthachta airgeadais a cheapadh in Éirinn.
Oibreoidh na hambasadóirí sin i ndlúthchomhar leis an Roinn Airgeadais chun tacú leis an Straitéis Náisiúnta um Litearthacht Airgeadais, agus glacfaidh siad páirt freisin i líonra ambasadóirí litearthachta airgeadais an Aontais Eorpaigh.
“Is gá dúinn feabhas a chur ar leibhéil litearthachta airgeadais in Éirinn agus tacú le hathléimneacht agus folláine airgeadais mhuintir na hÉireann. Is gá dúinn daoine a chumhachtú dea-chinntí airgeadais a dhéanamh, lena n-áirítear infheistiú.
“Tacaíonn an tionscnamh seo leis an aidhm atá le Straitéis an Aontais Eorpaigh um Litearthacht Airgeadais, is é sin: cultúr ‘atá cliste ó thaobh infheistíochta de’ a chruthú san Eoraip.
“Táim ag tnúth le cluinstin uathu sin atá paiseanta faoi litearthacht airgeadais agus atá ag iarraidh í a stiúradh sa tír seo agus thar lear araon.”
Nótaí don Eagarthóir
D’fhoilsigh an tAire Airgeadais an Straitéis Náisiúnta um Litearthacht Airgeadais i mí Feabhra 2025. Tá sé mar aidhm leis an Straitéis feabhas a chur ar an leibhéal litearthachta airgeadais in Éirinn trí na geallsealbhóirí inár n-éiceachóras bríomhar litearthachta airgeadais a thabhairt le chéile agus trí chomhar, comhordú agus comhtháthú a mhéadú agus, ar an tslí sin, tacú le folláine agus athléimneacht airgeadais a fheabhsú do chách.
Le linn thréimhse feidhme cúig bliana na Straitéise, leagfar amach i bpleananna gníomhaíochta na príomhghníomhartha ar chomhaontaigh geallsealbhóirí iad a dhéanamh chun aidhmeanna agus cuspóirí na Straitéise a chomhlíonadh.
Is é is aidhm do Straitéis an Aontais Eorpaigh um Litearthacht Airgeadais, a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach i mí Mheán Fómhair 2025, na huirlisí, an t-eolas agus an mhuinín is gá a thabhairt do shaoránaigh an Aontais ionas gur féidir leo smacht a ghlacadh ar a dtodhchaí airgeadais.
Cuid lárnach de Straitéis an Aontais Eorpaigh is ea feachtas litearthachta airgeadais a sheoladh ar fud an Aontais a chomhlánóidh agus a mhéadóidh na hiarrachtaí atá ar bun ar an leibhéal náisiúnta chun feasacht airgeadais a chothú i measc saoránach. Áirítear leis sin líonra ambasadóirí litearthachta airgeadais ar fud na mBallstát den Aontas. Mhol an Coimisiún Eorpach do na Ballstáit idir ambasadóir litearthachta airgeadais amháin agus triúr a cheapadh.
Imreoidh na hambasadóirí sin ról ríthábhachtach maidir le litearthacht airgeadais a fheabhsú agus a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon, agus iad ag déanamh caidreamh leis an bpobal agus leis na meáin agus ag cabhrú le saoránaigh teacht ar acmhainní agus tionscnaimh iontaofa oideachais airgeadais.
CRÍOCH