Foilsíonn an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, ráiteas aiseolais do Chéim a hAon den Athchóiriú ar Chóras Cánachais na hÉireann le haghaidh Úis
- Foilsithe: 27 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
Inniu (an 21 Samhain), d’fhoilsigh an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, Ráiteas Aiseolais do Chéim a hAon den athchóiriú ar chóras cánachais na hÉireann le haghaidh úis.
Is é cuspóir an Ráitis Aiseolais seo bonn eolais a chur faoi dhearadh an chreata bhunúsaigh do chóras athchóirithe cánachais le haghaidh úis agus deis a thabhairt do gheallsealbhóirí a dtuairimí a thabhairt maidir le tograí le haghaidh an athchóirithe sin.
Ag labhairt dó faoi fhoilsiú an Ráitis Aiseolais seo, dúirt an Tánaiste:
“Tá áthas orm a fhógairt gur foilsíodh Ráiteas Aiseolais inniu do Chéim a hAon den Athchóiriú ar Chóras Cánachais na hÉireann le haghaidh Úis. Is é an Ráiteas Aiseolais seo an chéad chéim eile san athbhreithniú ar chóras cánachais na hÉireann le haghaidh úis, agus tagann sé sna sála ar an bPlean Gníomhaíochta a d’fhoilsigh an rialtas an mhí seo caite.
“Tá an t-athchóiriú seo á bheartú chun cabhrú le hÉirinn timpeallacht cánachais tharraingteach atá iomaíoch ar an leibhéal idirnáisiúnta a choinneáil ar bun. Is é an aidhm atá leis córas cánach na hÉireann a ailíniú leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta, mar aon le simpliú riaracháin agus tuilleadh deimhneachta a thabhairt do ghnólachtaí Éireannacha. Cabhróidh na freagraí a gheofar le bonn eolais a chur faoi na hathruithe a chuirfear ar áireamh sa Bhille Airgeadais, 2026, agus mholfainn do gach páirtí leasmhar an deis seo a thapú chun rannchuidiú le beartas cánach na hÉireann chun a chinntiú go leanfaidh sé d’infheistíocht a spreagadh.”
Bhí comhairliúchán poiblí ar an déileáil cánach le hús in Éirinn ar siúl ó mhí Mheán Fómhair 2024 go dtí an 30 Eanáir 2025. Sna freagraí a fuarthas, tarraingíodh aird ar an raon leathan tograí le haghaidh córas cánachais na hÉireann le haghaidh úis a athchóiriú, agus cuid mhór geallsealbhóirí ag iarraidh go ndéanfaí tuilleadh comhairliúcháin mhionsonraithe sula dtabharfaí aon athchóirithe reachtacha isteach.
Tar éis di breithniú a dhéanamh ar na freagraí sin, d’fhoilsigh an Roinn Airgeadais Plean Gníomhaíochta chun córas cánachais na hÉireann le haghaidh úis a athchóiriú an 7 Deireadh Fómhair 2025. Leagtar amach cur chuige céimnithe sa Phlean Gníomhaíochta, agus is i gCéim a hAon a thabharfar aghaidh ar roinnt de na príomhábhair imní a chuir geallsealbhóirí in iúl. Is i gcéimeanna ina dhiaidh sin a thabharfar aghaidh ar réimsí breise athchóirithe fhéideartha.