An Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, ag bualadh le Kyriakos Pierrakakis, Aire Airgeadais na Gréige
- Foilsithe: 1 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
Bhuail an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, leis an Uas. Kyriakos Pierrakakis, Aire Geilleagair agus Airgeadais na Gréige, ar maidin.
Tharraing an bheirt Airí aird ar an gcaidreamh déthaobhach láidir atá ann idir Éire agus an Ghréig agus ar an gcomhthiomantas atá acu do gheilleagar Eorpach níos inbhuanaithe agus níos iomaíche a bhaint amach.
Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt an Tánaiste:
“Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh an Aire Pierrakakis go Baile Átha Cliath agus comóradh caoga bliain bhunú an chaidrimh taidhleoireachta idir Éire agus an Ghréig á cheiliúradh againn. Baineadh cuid mhór rudaí dearfacha amach le caoga bliain anuas.
“Tá feidhmíocht eacnamaíoch láidir a thíre ina léiriú ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a rinne an Ghréig le blianta beaga anuas, rud atá an-dearfach do gheilleagar foriomlán an Aontais Eorpaigh agus a thacaíonn an tráth céanna le naisc eacnamaíocha mhéadaitheacha idir an dá thír.
“Mar gheall ar an éagobhsaíocht gheopholaitiúil agus an éiginnteacht eacnamaíoch atá i réim, tá sé níos riachtanaí anois ná ag am ar bith riamh go n-oibreoimis san Aontas Eorpach le chéile chun comhordú ár mbeartas eacnamaíoch a fheabhsú agus chun doimhniú agus comhtháthú an mhargaidh aonair a chur ar aghaidh. Sna míonna atá le teacht, oibreoidh Éire agus an Ghréig i ndlúthchomhar le chéile chun na tosaíochtaí sin a chur ar aghaidh mar chuid den chéad Fhoireann Trí Uachtaránacht eile ar an Aontas Eorpach, rud a thosóidh nuair a rachaidh Éire i mbun na hUachtaránachta ar an Aontas Eorpach i mí Iúil.”
Dúirt an tAire Pierrakakis:
“Cé go bhfuil siad suite ar imeall geografach na hEorpa, tá an Ghréig agus Éire araon i gcroílár an ollstruchtúir institiúidigh Eorpaigh, tá comhluachanna Eorpacha acu, agus tá comhfhís acu le haghaidh Eoraip láidir. Cloímid le stuaim agus cobhsaíocht fhioscach, d’fhágamar an ghéarchéim inár ndiaidh, agus bímid ag giniúint barrachais fhioscacha a thugtar ar ais don tsochaí agus a rannchuidíonn le laghdú fiach. Is féidir linn cuid mhór a fhoghlaim ó chéile.
“Trí Stocmhalartán na hAithne a chur ar áireamh i ngrúpa Euronext, lena n-áirítear Stocmhalartán Bhaile Átha Cliath freisin, réitítear an bealach le haghaidh mórdheiseanna maoiniúcháin dár ngeilleagair agus dár ngnólachtaí le linn dúinn cur chun feidhme Aontais lánfhorbartha Coigiltis agus Infheistíochta agus doimhniú breise mhargaí caipitil na hEorpa a chur chun cinn. Óstálann Éire ceann amháin de na héiceachórais airgeadais is dinimiciúla san Aontas Eorpach, agus is mol í le haghaidh nuálaíochta, bainistíocht sócmhainní, árachais agus teicneolaíocht airgeadais.”
Le linn na cuairte seo freisin, ghlac an tAire Pierrakakis páirt i gcomhrá cois tine ag an Institiúid um Ghnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha. Ba é téama an imeachta ná “An Chéad Chéim Fáis Eile san Eoraip: Comhtháthú, Nuálaíocht, agus an Geilleagar Digiteach”.