Foilsíonn an Roinn Airgeadais agus ESRI taighde ar an tionchar a bhíonn ag an aosú ar fhás táirgiúlachta san Eoraip
- Foilsithe: 29 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 28 Aibreán 2026
- Mar gheall ar dhaonra na hÉireann a bheith ag aosú, meastar go dtiocfaidh méadú ar an éileamh ar sheirbhísí ísealtáirgiúlachta, amhail cúram sláinte agus sóisialach.
- Go teoiriciúil, dá mbeadh sciar méadaitheach ann d’earnálacha ísealtáirgiúlachta, chuirfí brú anuas ar tháirgiúlacht fhoriomlán agus, ar an tslí sin, ar fhás geilleagrach.
- Faightear amach sa taighde seo gur cúitíodh an éifeacht sin go dtí seo mar thoradh ar na gnóthachain táirgiúlachta a baineadh amach in earnálacha eile, rud a d’fhág nár imríodh ach tionchar beag ar tháirgiúlacht chomhiomlán.
- Chun tionchair an aosaithe a fhritháireamh, is gá díriú leantach a leagan ar infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear an táirgiúlacht i gcaipiteal daonna agus i gcaipiteal fisiciúil.
Is ag aosú atá daonra na hEorpa. Mar thoradh air sin, is dócha go mbeidh éileamh méadaitheach ann ar sheirbhísí sláinte agus cúraim ar fud na hEorpa. Is earnálacha diansaothair lena mbaineann ísealfhás táirgiúlachta iad na hearnálacha sin de ghnáth i gcomparáid le cinn eile.
Léiríodh i dtaighde roimhe go laghdaíonn táirgiúlacht chomhiomlán de réir mar a mhéadaíonn an sciar den aschur as a bhfuil earnálacha ísealtáirgiúlachta freagrach. Is minic a ghairtear “galar Baumol” den fheiniméan sin.
Chun tuiscint níos fearr a ghnóthú ar an dinimic sin, ghabh an Roinn Airgeadais agus an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) anailís de láimh trí leas a bhaint as sonraí Eorpacha.
Cé go bhfuil roinnt fianaise ar na patrúin ar shainaithin Baumol iad le feiceáil iontu, léirítear sna torthaí nár leor na patrúin sin (go dtí seo) chun bac a chur ar an bhfás foriomlán táirgiúlachta ar fud na hEorpa. Ina ionad sin, mar thoradh ar an bhfás leantach sna hearnálacha is táirgiúla, cúitíodh na himpleachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag galar costais Baumol.
Léiríonn sé sin go soiléir a thábhachtaí atá sé gníomh leantach a dhéanamh chun fás gnó, iomaíochas agus feabhsuithe táirgiúlachta a chur chun cinn sa gheilleagar.
CRÍOCH