Buaileann an Tánaiste Simon Harris le mórchuideachtaí teicneolaíochta agus é ag críochnú cuairt trí lá ar California

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Buaileann an Tánaiste Simon Harris le mórchuideachtaí teicneolaíochta agus é ag críochnú cuairt trí lá ar California

Bhuail an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, le Apple, Meta agus Intel, mórchuideachtaí domhanda teicneolaíochta, agus é ag críochnú cuairt oifigiúil trí lá ar California.

Bhí sé mar aidhm leis an gcuairt feabhas a chur ar chomhpháirtíocht eacnamaíoch na hÉireann leis na Stáit Aontaithe, go háirithe cuideachtaí agus geallsealbhóirí atá lonnaithe ar an gCósta Thiar.

Le linn na cuairte, bhuail an Tánaiste le hionadaithe ó raon leathan cliantchuideachtaí de chuid GFT Éireann agus Fhiontraíocht Éireann, lenar áiríodh roinnt cuideachtaí cógaisíochta amhail Eli Lilly agus Agilent, chomh maith le raon leathan cuideachtaí teicneolaíochta amhail OpenAI, Meta, Apple agus Intel.

Bhí an raon cuideachtaí a ndearnadh ionadaíocht dóibh ina léiriú ar leithead na nasc eacnamaíoch idir Éire agus California, agus bhí deis ag an Tánaiste le linn na gcruinnithe sin aird a tharraingt ar na comhthairbhí a bhaineann le caidreamh trádála agus infheistíochta na hÉireann leis na Stáit Aontaithe.

Bhí roinnt imeachtaí caidrimh pholaitiúil i gceist leis an gclár freisin, lenar áiríodh cruinnithe le Gavin Newsom, Gobharnóir California, le Daniel Lurie, Méara San Francisco, agus le comhaltaí de Thionól Stáit California.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an Tánaiste:

“Léiríodh go soiléir le linn na gcruinnithe le Apple, Meta agus Intel inniu doimhneacht agus neart chaidreamh seanbhunaithe na hÉireann le cuideachtaí domhanda teicneolaíochta.

“Tá na cuideachtaí sin i measc na bhfostóirí is mó in Éirinn.

“Agus mé ag déanamh caidreamh leo inniu, athdhearbhaíodh an tiomantas atá againn an nuálaíocht agus an teicneolaíocht a chothú agus a fhorbairt, mar aon le tacú le poist ardchaighdeáin agus timpeallacht atá fabhrach d’fhiontair a choinneáil ar bun, rud a rachaidh chun tairbhe d’Éirinn agus do na Stáit Aontaithe araon.

Ag deireadh na cuairte rathúla, dúirt an Tánaiste:

“Bhí lúcháir orm deis a bheith agam bualadh le hionadaithe ó roinnt mhaith de na cuideachtaí teicneolaíochta atá lonnaithe in California, a bhfuil naisc láidre ag Éirinn leo, chomh maith le príomhchuideachtaí cógaisíochta agus príomhchuideachtaí cúram sláinte a bhí ag freastal ar chomhdháil JP Morgan Healthcare.

“Thug an chuairt seo deis luachmhar dúinn béim a leagan ar dhoimhneacht na nasc eacnamaíoch idir Éire agus na Stáit Aontaithe, agus le stát California go háirithe.

“Ba phribhléid é bualadh le roinnt de na cliaint is mó de chuid GFT Éireann atá ag obair sna hearnálacha Teicneolaíochta agus Eolaíochtaí Beatha sna Stáit Aontaithe agus labhairt le cuideachtaí de chuid Fhiontraíocht Éireann atá ag obair san earnáil Cúram Sláinte agus Teicneolaíochta Liachta, arb earnáil í ina bhfuil Éire ina ceannaire domhanda.

“Mar fhocal scoir, chuir mé fáilte mhór roimh an deis a bhí agam bualadh le roinnt ionadaithe polaitiúla in California, áit a bhfuil cuid mhór den daonra bródúil as a hoidhreacht Éireannach.”

Críoch

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat