Buaileann an Tánaiste Simon Harris le Roland Lescure, Aire Geilleagair, Airgeadais agus Ceannasachta Tionsclaíche, Fuinnimh agus Digití na Fraince

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Buaileann an Tánaiste Simon Harris le Roland Lescure, Aire Geilleagair, Airgeadais agus Ceannasachta Tionsclaíche, Fuinnimh agus Digití na Fraince

Buaileann an Tánaiste Simon Harris le Roland Lescure, Aire Geilleagair, Airgeadais agus Ceannasachta Tionsclaíche, Fuinnimh agus Digití na Fraince

Bhuail an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, le Roland Lescure, Aire Geilleagair, Airgeadais agus Ceannasachta Tionsclaíche, Fuinnimh agus Digití na Fraince, i bPáras inniu (an 11 Márta) mar chuid dá chlár imeachtaí do Lá Fhéile Pádraig.

Bhí plé cuiditheach fadréimseach ag an Tánaiste agus ag an Aire Lescure ar raon saincheisteanna éagsúla, lena n-áirítear an caidreamh déthaobhach Franc-Éireannach, iomaíochas an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear conas is fearr is féidir an tAontas Coigiltis agus Infheistíochta a chur chun cinn, an méadú ar phraghsanna fuinnimh, agus Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach atá le teacht.

Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe, dúirt an Tánaiste:

“Bhí áthas orm bualadh leis an Aire Lescure inniu agus machnamh a dhéanamh ar an móiminteam láidir sa chaidreamh eacnamaíoch agus trádála idir an dá thír, ar caidreamh é is fiú níos mó ná €45bn in aghaidh na bliana anois. Léiriú soiléir ar an móiminteam sin is ea an méadú ar an nascacht agus an fás ar an trádáil agus ar an infheistíocht idir an Fhrainc agus Éire.

“Agus éiginnteacht mhéadaitheach i réim, go háirithe éiginnteacht maidir le praghsanna fuinnimh agus maidir leis an soláthar fuinnimh, tá sé ríthábhachtach go n-oibreoimis i gcomhar lenár gcomhpháirtithe san Aontas Eorpach chun a shuí conas is fearr is féidir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin eacnamaíocha atá romhainn go léir.

“Sa chomhthéacs sin, táim ag tnúth le dlúthchaidreamh leantach a dhéanamh leis an Aire Lescure roimh ár nUachtaránacht ar an Aontas Eorpach sa dara leath den bhliain.”

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat