Tá an Tánaiste Simon Harris le taisteal go Ságrab le haghaidh cuairt dhéthaobhach ar an gCróit

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá an Tánaiste Simon Harris le taisteal go Ságrab le haghaidh cuairt dhéthaobhach ar an gCróit

Taistealóidh an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, go Ságrab Dé hAoine, an 30 Eanáir, chun tabhairt faoi chuairt dhéthaobhach a mbeidh mar aidhm léi treisiú leis na ceangail eacnamaíocha leis an gCróit.

Le linn an dá lá a chaithfidh sé i Ságrab, buailfidh an Tánaiste le Príomh-Aire na Cróite agus le hAire Airgeadais na Cróite araon chun an caidreamh déthaobhach idir an dá thír a phlé agus chun labhairt faoi phríomhthionscnaimh airgeadais de chuid an Aontais Eorpaigh.

Déanfaidh an Tánaiste caidreamh leis an bpobal áitiúil Éireannach i Ságrab freisin sula bhfillfidh sé ar Bhaile Átha Cliath.

Ag labhairt dó roimh an gcuairt, dúirt an Tánaiste:

“Táim ag tnúth le cuairt a thabhairt ar Shágrab an deireadh seachtaine seo. Is comhpháirtí Eorpach a bhfuil ardmheas air í an Chróit, agus fáiltím roimh an deis seo chun bualadh leis an bPríomh-Aire Plenkoviç agus leis an Aire Airgeadais chun ár gcaidreamh déthaobhach agus ár naisc eacnamaíocha a phlé.

Tá comhpháirtíocht láidir ann idir Éire agus an Chróit, ón taobh eacnamaíoch agus ón taobh cultúrtha de araon, agus tá an chuairt seo mar fhianaise ar an bhfonn atá ar an Rialtas go leanfadh an chomhpháirtíocht seo le bláthú go ceann i bhfad.”

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat