Labhraíonn an Tánaiste le Rachel Reeves, Seansailéir an Státchiste

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Labhraíonn an Tánaiste le Rachel Reeves, Seansailéir an Státchiste

Bhí glao gutháin ag an Tánaiste Simon Harris TD, an tAire Airgeadais, le Rachel Reeves, Seansailéir an Státchiste, tráthnóna inniu (an 5 Nollaig).

Phléigh an Tánaiste agus an Seansailéir raon nithe éagsúla, lenar áiríodh an caidreamh trádála idir Éire agus an Ríocht Aontaithe, Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach atá le teacht, agus an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

Thug an Tánaiste an t-eolas is deireanaí don Seansailéir freisin maidir lena rannpháirtíocht sa 44ú Cruinniú Mullaigh de chuid Chomhairle na Breataine-na hÉireann, rud a tionóladh sa Bhreatain Bheag an 5 Nollaig.

Chomhaontaigh an Tánaiste agus an Seansailéir coinneáil i ndlúth-theagmháil, agus iad ag tnúth le bualadh le chéile i bpearsa go luath.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat