Tá an Tánaiste le cuairt a thabhairt ar California chun treisiú le comhpháirtíocht eacnamaíoch na hÉireann leis na Stáit Aontaithe
- Foilsithe: 28 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 28 Aibreán 2026
Taistealóidh an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, go California (Dé Domhnaigh, an 11 Eanáir) chun tabhairt faoi chuairt oifigiúil a mbeidh mar aidhm léi treisiú le comhpháirtíocht eacnamaíoch na hÉireann leis na Stáit Aontaithe.
Le linn na cuairte, cuirfidh an Tánaiste béim ar na comhthairbhí a bhaineann le caidreamh trádála agus infheistíochta na hÉireann leis na Stáit Aontaithe, agus cuirfidh sé deiseanna le haghaidh comhar níos dlúithe chun cinn.
Mar chuid dá chlár, tabharfaidh an Tánaiste faoi raon imeachtaí caidrimh le cliantchuideachtaí de chuid GFT Éireann agus Fhiontraíocht Éireann a oibríonn in earnálacha amhail an teicneolaíocht dhigiteach, cúram sláinte, an teicneolaíocht liachta agus cógaisíocht, rud a léiríonn leithead na nasc eacnamaíoch atá ann idir Éire agus California.
Beidh roinnt imeachtaí caidrimh pholaitiúil i gceist leis an gcuairt freisin, lena n-áireofar cruinnithe le Gavin Newsom, Gobharnóir California, agus le Daniel Lurie, Méara San Francisco.
Ag labhairt dó roimh an gcuairt, dúirt an Tánaiste:
“Tá an caidreamh eacnamaíoch seanbhunaithe atá ag Éirinn le California ina bhunchloch dár gcomhpháirtíocht leis na Stáit Aontaithe i gcoitinne.”
“Tacaíonn an chomhpháirtíocht eacnamaíoch idir an dá thír leis an rathúnas agus leis an bhfostaíocht ar an dá thaobh den Atlantach, agus tabharfaidh an chuairt seo deis dúinn an caidreamh sin a dhoimhniú tuilleadh.”
“Léiriú ar neart na gceangal eacnamaíoch eadrainn is ea scála na trádála agus na hinfheistíochta dhá threo idir Éire agus na Stáit Aontaithe. Ní hé amháin go bhfuil na Stáit Aontaithe ar an gcomhpháirtí trádála agus infheistíochta is mó atá ag Éirinn, ach tá Éire ar an gcúigiú foinse infheistíochta dírí eachtraí is mó sna Stáit Aontaithe freisin, agus luach $390 billiún ag baint leis an infheistíocht ó chuideachtaí Éireannacha. Ar fud na Stát Aontaithe, tá níos mó ná 200,000 duine fostaithe ag beagnach 800 cuideachta Éireannach.”
“Leagfaidh an chuairt seo béim ar an tiomantas atá ag an Rialtas feabhas a chur ar na naisc chomhthairbheacha sin amach anseo.”
CRÍOCH