Cuireann an Tánaiste fáilte roimh fheidhmíocht láidir an gheilleagair intíre sa tríú ráithe
- Foilsithe: 27 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
- Tháinig méadú os cionn 5 faoin gcéad ar Éileamh Modhnaithe Intíre – arb athróg ionadach don gheilleagar intíre é – ar bhonn bliantúil sa tríú ráithe.
- Tháinig méadú 2.4 faoin gcéad ar chaiteachas tomhaltóirí ar bhonn bliantúil.
- Tháinig méadú 10.8 faoin gcéad ar OTI sa tríú ráithe, mar thoradh ar neart leantach onnmhairí earraí.
Inniu (an 4 Nollaig), d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh na Cuntais Náisiúnta Ráithiúla don tríú ráithe den bhliain 2025.
Ag labhairt dó faoi na figiúirí, dúirt an Tánaiste Simon Harris TD, an tAire Airgeadais:
“Deimhnítear i bhfigiúirí an lae inniu athléimneacht leantach an gheilleagair intíre. Tháinig méadú 5 faoin gcéad ar Éileamh Modhnaithe Intíre ar bhonn bliantúil sa tríú ráithe. Cé go bhfuil seans ann go ndéanann sé sin áibhéil faoi fheidhmíocht bhunúsach an gheilleagair faoi láthair, tá caiteachas tomhaltóirí ina údar misnigh dom, agus é ag méadú faoi 2½ faoin gcéad thar an tréimhse chéanna.
“In éineacht leis na figiúirí láidre státchiste a eisíodh inné, tarraingítear i bhfigiúirí an lae inniu aird ar an riocht measartha sláintiúil atá ar ár ngeilleagar intíre faoi láthair.
“Taifeadadh fás dédhigiteach ar OTI ar bhonn bliantúil sna chéad trí ráithe. D’imir tús-ualú onnmhairí cógaisíochta chuig na Stáit Aontaithe in oirchill taraifí ról lárnach maidir le gníomhaíocht cheannlíne a bhrú chun cinn sna míonna tosaigh den bhliain. Tugann neart leantach OTI le ráithí beaga anuas le tuiscint gur féidir go bhfuil tosca struchtúracha taobh thiar den fheidhmíocht freisin, lena n-áirítear éileamh bunúsach mór ar raon teoranta fochatagóirí d’onnmhairí cógaisíochta.
“Ag féachaint chun cinn, cuireann an maolú ar luas an bhorrtha faoin líon post le ráithí beaga anuas i gcuimhne dúinn nach féidir linn talamh slán a dhéanamh de staid shláintiúil leantach an gheilleagair.
“Foilseoidh an Rialtas an plean struchtúrach fioscach meántéarmach uaidh sna seachtainí atá le teacht. Leagfar amach sa phlean sin an straitéis a shaothróidh an Rialtas chun ár n-airgeadas poiblí a choinneáil ar chonair inbhuanaithe. Go deimhin, is a bhuí leis an dul chun cinn a rinneamar le blianta beaga anuas maidir leis an riocht maith atá ar ár n-airgeadas poiblí a athbhunú atáimid in ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá le teacht.
Críoch
Nóta d’eagarthóirí:
Is ionann éileamh modhnaithe intíre (deiridh), arb athróg ionadach don gheilleagar intíre é, agus suim an tomhaltais phearsanta agus rialtais agus na hinfheistíochta pearsanta agus rialtais, gan infheistíocht i maoin intleachtúil allmhairithe agus in aerárthaí allmhairithe lena léasú a áireamh. Ní áirítear leis ach oiread athruithe ar an luach ar stoic.