Fáiltíonn an Tánaiste roimh shonraí ina ndeimhnítear neart an gheilleagair intíre anuraidh

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an Tánaiste roimh shonraí ina ndeimhnítear neart an gheilleagair intíre anuraidh

  • Tháinig méadú 1 faoin gcéad ar Éileamh Modhnaithe Intíre – arb athróg ionadach don gheilleagar intíre é – i ráithe 4 i gcoibhneas leis an ráithe roimhe.
  • Tháinig méadú 5 faoin gcéad, beagnach, ar Éileamh Modhnaithe Intíre sa bhliain 2025.
  • Tháinig méadú 3 faoin gcéad ar chaiteachas tomhaltóirí an bhliain seo caite.
  • Tháinig laghdú 4 faoin gcéad ar olltáirgeacht intíre (OTI) sa ráithe, ach bhain sé méadú 12 faoin gcéad amach ar bhonn bliana iomláine, mar thoradh ar onnmhairí earraí.

Inniu (an 5 Márta), d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh na Cuntais Náisiúnta Ráithiúla don cheathrú ráithe den bhliain 2025.

Ag labhairt dó faoi na figiúirí, dúirt an Tánaiste Simon Harris TD, an tAire Airgeadais:

“Beag beann ar dhúshláin sheachtracha, deimhnítear i bhfigiúirí an lae inniu gur fhás an geilleagar intíre go láidir anuraidh. Tháinig méadú 5 faoin gcéad, beagnach, ar Éileamh Modhnaithe Intíre don bhliain ina hiomláine.

“While the headline figures may somewhat overstate the economy’s underlying growth, I am encouraged that consumer spending grew by a solid 3 per cent last year. This reflects rising real incomes and the strength of our labour market, with a record 2.83 million people in employment at the end of 2025.

“Cé gur féidir go ndéantar sna figiúirí príomha áibhéil faoi fhás bunúsach an gheilleagair, is ábhar misnigh dom gur tháinig méadú fónta 3 faoin gcéad ar chaiteachas tomhaltóirí anuraidh. Is léiriú é sin ar an méadú ar fhíorioncaim agus ar neart ár margaidh saothair, agus 2.83 milliún duine, an líon is mó riamh, san fhostaíocht ag deireadh na bliana 2025.

“Is ábhar misnigh é gur taifeadadh fás láidir freisin ar infheistíocht tógála agus foirgníochta, agus méadú 9 faoin gcéad ann anuraidh, rud a léiríonn an móiminteam fónta san earnáil tithíochta cónaithe.

“Cé gur figiúirí dearfacha iad na figiúirí atá á n-eisiúint inniu agus gur léiriú iad ar athléimneacht gheilleagar na hÉireann, ní féidir linn a bheith réchúiseach. Go deimhin, léiríonn forbairtí le déanaí go soiléir gur dóigh go mbeidh éiginnteacht ina gné den tírdhreach eacnamaíoch go ceann tamall maith.

“D'fhéadfadh an choinbhleacht sa Mheánoirthear dúshlán suntasach a chruthú d’fhás domhanda agus riosca a chruthú don ionchas boilscithe. Beidh an tionchar ar phraghsanna tráchtearraí ag brath, ar ndóigh, ar fhad agus méid an chuir isteach ar an soláthar.

“Leanann mo Roinn le dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí idirnáisiúnta, agus foilseoidh sí réamhaisnéisí eacnamaíocha nuashonraithe mar chuid den Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn sna seachtainí atá romhainn.”

Críoch

Nótaí

Is ionann éileamh modhnaithe intíre (deiridh), arb athróg ionadach don gheilleagar intíre é, agus suim an tomhaltais phearsanta agus rialtais agus na hinfheistíochta pearsanta agus rialtais, gan infheistíocht i maoin intleachtúil allmhairithe agus in aerárthaí allmhairithe lena léasú a áireamh. Ní áirítear leis ach oiread athruithe ar an luach ar stoic.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat