Fáiltíonn an Tánaiste roimh an gcinneadh ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh roinnt cúltacaí éigeandála a scaoileadh
- Foilsithe: 11 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 28 Aibreán 2026
Tá laghdú géar tagtha ar spotphraghas na hola ar mhargaí mórdhíola le cúpla lá anuas tar éis dó buaicleibhéal a bhaint amach Dé Luain.
Is léir go bhfuil méid ollmhór luaineachta ann faoi láthair – is léiriú é sin ar an éiginnteacht mhéadaithe, lena n-áirítear éiginnteacht maidir le damáiste do bhonneagar fuinnimh agus srianta féideartha iompair mar gheall ar “scrogaill” (Caolas Hormuz).
Beag beann ar an laghdú ar phraghsanna le cúpla lá anuas, chinn an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh inniu roinnt dá cúltacaí éigeandála a scaoileadh.
Ag labhairt dó i bPáras, dúirt an Tánaiste:
Fáiltím roimh an gcinneadh seo, toisc go gcabhróidh sé le muinín a thabhairt ar ais; tá sé mar aidhm leis an ngníomh seo an soláthar a mhéadú agus buntacú leis an margadh sna seachtainí atá le teacht. Cabhróidh sé freisin le muinín a chothú agus le luaineacht margaidh a laghdú. Déanfaidh Éire a cion féin sa fhreagairt beartais seo freisin.
Ní chuireann an fhreagairt beartais seo deireadh leis an ngá atá le dlúthfhaireachán a dhéanamh ar phraghsanna i gcodanna den mhargadh miondíola, agus chuir an tAire Burke de chúram ar an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí plé leis an ní sin.
Tá mo chuid oifigeach ag déanamh dlúthfhaireachán ar an staid, agus nuashonróimid ár réamh-mheastacháin eacnamaíocha agus fhioscacha sna seachtainí atá romhainn sa mheasúnú eacnamaíoch bliantúil earraigh (tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn) uainn.
Pléifidh mé an staid tuilleadh inniu agus mé ag bualadh le mo chomhghleacaí ón bhFrainc, ós rud é go sealbhaíonn an Fhrainc an uachtaránacht thábhachtach ar G7 faoi láthair.
Críoch.