Fáiltíonn an Tánaiste roimh an gcinneadh a rinne Airí Airgeadais an Aontais Eorpaigh Plean Fioscach agus Struchtúrach Meántéarmach na hÉireann a fhormhuiniú

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an Tánaiste roimh an gcinneadh a rinne Airí Airgeadais an Aontais Eorpaigh Plean Fioscach agus Struchtúrach Meántéarmach na hÉireann a fhormhuiniú

D’fháiltigh an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, roimh an gcinneadh a rinneadh ag cruinniú Airí Airgeadais an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil ar maidin plean fioscach agus struchtúrach meántéarmach na hÉireann a fhormhuiniú.

Ag labhairt dó sa Bhruiséil, áit ar pléadh agus ar formhuiníodh an plean, dúirt an Tánaiste:

“Is cloch mhíle shuntasach d’Éirinn é an lá inniu. Rinne Airí Airgeadais an Aontais Eorpaigh Plean Fioscach agus Struchtúrach Meántéarmach na hÉireann a fhormhuiniú go foirmiúil ar maidin ag ár gcruinniú míosúil.

“Sa Phlean seo, a forbraíodh in éineacht le Jack Chambers, an tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, agus ar ghlac Rialtas na hÉireann é, leagtar amach conair fhioscach shoiléir iontaofa d’Éirinn laistigh de chreat an Aontais Eorpaigh. Tá an Plean fréamhaithe i dtrí cholún, is iad sin: inbhuanaitheacht, athléimneacht, agus ullmhacht.

“I saol ina bhfuil fíor-éiginnteacht eacnamaíoch i réim, idir bhrúnna trádála domhanda agus éagobhsaíocht gheopholaitiúil, is i bhfeidhm ag Éirinn atá creat soiléir ilbhliantúil ar laistigh de is féidir linn pleanáil agus infheistiú i dtithíocht agus i mbonneagar, athchóiriú a dhéanamh ar na seirbhísí poiblí a mbímid ag brath orthu, agus córas cánach a sholáthar lena dtéitear chun tairbhe do dhaoine atá i mbun oibre.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCoimisiún as an tacaíocht a thug sé le linn dúinn an Plean a ullmhú agus as an measúnú a rinne sé air.

“Is sinne an chéad Bhallstát a chuir Plean athbhreithnithe isteach. Tríd is tríd, agus sinn ag déanamh machnamh ar ár n-eispéireas, bhí an próiseas seo ina uirlis an-úsáideach an-tábhachtach dúinn.

“Sa Phlean nua, tugtar cinnteacht fhioscach agus cinnteacht beartais i ndomhan atá an-éiginnte, agus leagtar amach creat ar laistigh de is féidir freagairtí a mhúnlú do na dúshláin sin. Fáiltím roimh fhormhuiniú an Phlean inniu.”

Críoch

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat