Fáiltíonn an Tánaiste roimh fhoilsiú an eagráin is déanaí de Economic Insights ón Roinn Airgeadais

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an Tánaiste roimh fhoilsiú an eagráin is déanaí de Economic Insights ón Roinn Airgeadais

  • Dírítear san anailís ar an tionchar a bhíonn ag an intleacht shaorga ar phatrúin fostaíochta in Éirinn.

Chuir an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, fáilte inniu (an 18 Feabhra) roimh fhoilsiú an chéad imleabhair de shraith Economic Insights ón Roinn don bhliain 2026.

Áirítear leis an eagrán is déanaí trí nóta ina scrúdaítear na príomhfhorbairtí a bhíonn ag múnlú mhargadh saothair na hÉireann faoi láthair, agus díriú ar leith á leagan ar an tionchar a bhíonn ag an intleacht shaorga.

Áirítear iad seo a leanas leis na príomhfhionnachtana:

  • Tá margadh saothair na hÉireann neamhchosanta go mór ar an intleacht shaorga, áit a bhfuil fás láidir tagtha ar an éileamh ar scileanna a bhaineann leis an intleacht shaorga agus a bhfuil fianaise ag teacht chun cinn go mbíonn an intleacht shaorga ag tosú ar thionchar a imirt ar phatrúin fostaíochta – go háirithe in earnálacha an-digitithe agus i measc oibrithe óga.
  • Dá bhrí sin, beidh sé riachtanach go mbeadh freagairtí beartais réamhghníomhach agus go dtacódh siad le hoibrithe in earnálacha neamhchosanta uasoiliúint agus athoiliúint, i gcás gur gá;
  • Cé go bhfuil maolú tagtha ar luas an fháis fostaíochta le ráithí beaga anuas ag teacht sna sála ar leathnú thar a bheith láidir tar éis na paindéime, tugtar le tuiscint i raon táscairí éagsúla go bhfuil an margadh saothair foriomlán measartha daingean go fóill;

Ag labhairt dó faoin eisiúint, dúirt an Tánaiste Simon Harris TD, an tAire Airgeadais:

“Tá athléimneacht iontach léirithe ag ár margadh saothair le blianta beaga anuas, agus an líon daoine is mó riamh san fhostaíocht anois agus an dífhostaíocht íseal go fóill de réir caighdeáin stairiúla.

“An tráth céanna, is eol dúinn go bhfuilimid ag dul isteach anois i dtréimhse ina mbeidh athruithe teicneolaíochta as cuimse ann. Tá an intleacht shaorga ag aistriú go mear ón bhforbairt chuig an imscaradh san fhíorshaol, agus tugtar le tuiscint in anailís an lae inniu go bhféadfadh Éire – mar cheann de na geilleagair is forbartha ón taobh digiteach de san Eoraip – a bheith ar thús cadhnaíochta na n-athruithe sin.

“Tá deiseanna suntasacha ag baint leis an intleacht shaorga maidir le táirgiúlacht a mhéadú agus maidir lenár n-iomaíochas a neartú, ach ní mór dúinn a chinntiú freisin go mbeidh cumas ag oibrithe agus ag gnólachtaí oiriúnú dóibh. Is é a bheidh i gceist leis sin infheistiú i scileanna, tacú le foghlaim ar feadh an tsaoil, agus leanúint le tacaí fiontair a chur i bhfeidhm lena gcabhrófar le gnólachtaí teicneolaíochtaí nua a ghlacadh agus a imscaradh.

“Léirítear freisin san eagrán seo de Economic Insights go bhfuil na dálaí foriomlána margaidh saothair fós láidir, beag beann ar roinnt maolaithe ar an bhfás fostaíochta. Tá sé mar thosaíocht agam an neart sin a choinneáil ar bun agus, an tráth céanna, ullmhú do na hathruithe struchtúracha atá i ndán dúinn.”

Críoch

Nóta d’eagarthóirí:

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat