Fáiltíonn an Tánaiste roimh an gcinneadh ó S&P rátáil chreidmheasa na hÉireann a uasghrádú go AA+

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an Tánaiste roimh an gcinneadh ó S&P rátáil chreidmheasa na hÉireann a uasghrádú go AA+

D’fháiltigh an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, roimh an gcinneadh ó S&P, gníomhaireacht rátálacha, rátáil chreidmheasa cheannasach fhadtéarmach na hÉireann a uasghrádú ó AA go AA+, agus ionchas cobhsaí ag baint léi.

Tá an t-uasghrádú sin ina léiriú ar an measúnú ó S&P go gcabhróidh geilleagar láidir na hÉireann agus na maoláin fhioscacha shuntasacha atá i bhfeidhm aici agus an teist atá uirthi maidir le bainistíocht fhioscach fhónta le tionchar aon suaití seachtracha a mhaolú.

Dúirt an Tánaiste Simon Harris TD, an tAire Airgeadais:

“Fáiltím roimh an bhfógairt ó S&P gur uasghrádaíodh ár rátáil chreidmheasa ó AA go AA+. Tá rátáil ‘AA’ ar a laghad ag Éirinn ó gach mórghníomhaireacht rátálacha creidmheasa.

Léiríonn sé sin neart bunúsach ár ngeilleagair agus an teist chruthaithe atá ar an Rialtas maidir lenár n-airgeadas poiblí a bhainistiú go cúramach. Mar sin, tá riocht an-láidir orainn agus sinn ag tabhairt aghaidh ar thréimhse éiginnteachta domhanda gan fasach.

Léiríonn an t-uasghrádú rátála seo a thábhachtaí atá sé leanúint leis an mbeartas buiséadach foriomlán a chur i bhfeidhm ar bhealach atá cothromaithe agus inbhuanaithe thar an meántéarma, agus sinn ag freagairt fós, de réir mar is cuí agus mar is gá, do dhúshláin an lae inniu.”

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat