Cuireann an Tánaiste fáilte roimh an rannpháirtíocht chomhchoiteann chun faisnéis atá ar fáil go réidh a mhalartú faoi mhaoin dhochorraithe
- Foilsithe: 27 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
Ráiteas Comhpháirteach uathu seo a leanas:
an Bheilg, an Bhrasaíl, an tSile, Cósta Ríce, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Íoslainn, Éire, an Iodáil, an Chóiré, an Liotuáin, Málta, an Nua-Shéalainn, an Iorua, Peiriú, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an Afraic Theas, an Spáinn, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe; agus Giobráltar, Críoch Thar Lear de chuid na Ríochta Aontaithe.
Le blianta beaga anuas, tá feabhas mór tagtha ar mhalartuithe trasteorann faisnéise cánach agus ar chomhar idirnáisiúnta idir riaracháin chánach mar thoradh ar fhorbairtí beartais cánach, agus neamhchomhlíonadh cánach amach ón gcósta agus rúndacht cánach ar chuntais airgeadais á gcomhrac. Áirítear leis sin trédhearcacht a sholáthar trí mhalartú uathoibríoch sócmhainní airgeadais (tríd an gComhchaighdeán Tuairiscithe) agus cripteashócmhainní (tríd an gCreat Tuairiscithe Cripteashócmhainní).
Beag beann ar an dul chun cinn suntasach sin maidir le malartú uathoibríoch faisnéise, ní ann go fóill d’aon sásra trínar féidir le dlínsí faisnéis a mhalartú faoi shócmhainní neamhairgeadais, go háirithe maoin dhochorraithe.
Agus sinn ag aithint gur minic a bhíonn gnéithe trasteorann i gceist le húinéireacht agus idirbhearta a bhaineann le maoin dhochorraithe, admhaímid an gá atá le sásraí feabhsaithe chun a chinntiú go mbíonn rochtain ag údaráis chánach ar fhaisnéis iomchuí faoi shócmhainní maoine dochorraithe a shealbhaítear thar lear, agus faoi ioncam a dhíorthaítear as na sócmhainní sin thar lear, ionas gur féidir dlíthe cánach a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Dá bhrí sin, cuirimid fáilte roimh Chomhaontú Iltaobhach nua na nÚdarás Inniúil maidir le Malartú Uathoibríoch Faisnéise atá ar Fáil go Réidh faoi Mhaoin Dhochorraithe idir údaráis chánach, rud ar fhorbair an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta é.
Tá glacadh leathan an Chomhaontaithe Iltaobhaigh ina chéim thábhachtach i dtreo trédhearcacht cánach a sholáthar i leith sócmhainní neamhairgeadais. Leis an gComhaontú Iltaobhach, treiseofar leis an gcumas atá againn faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh cánach agus é a fhorfheidhmiú agus imghabháil cánach a chomhrac, rud a bhaineann an bonn d’ioncam poiblí agus a aistríonn an t-ualach cánach go héagórach ar cháiníocóirí comhlíontacha.
Tá sé mar aidhm againn dul isteach i gComhaontú Iltaobhach na nÚdarás Inniúil maidir le Malartú Uathoibríoch Faisnéise atá ar Fáil go Réidh faoi Mhaoin Dhochorraithe faoin mbliain 2029 nó faoin mbliain 2030, faoi réir na nósanna imeachta intíre is infheidhme.
Molaimid do dhlínsí eile freisin dul isteach sa tionscnamh seo mar chuid den iarracht chomhchoiteann atá ar bun chun trédhearcacht, cothroime agus éifeachtúlacht a chur chun cinn i gcánachas domhanda.
Críoch.