Foilsíonn an Roinn Airgeadais an chéad Athbhreithniú ar an gCreidmheas Cánach Cíosa
- Foilsithe: 27 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
San Athbhreithniú, léirítear na fionnachtana ó na chéad bhlianta ina raibh an Creidmheas i bhfeidhm – ba iad sin, 2022 agus 2023 – agus baintear tátail tosaigh maidir lena chuí atá sé agus maidir leis an luach ar airgead a bhaineann leis bunaithe ar anailís ar na sonraí riaracháin atá ar fáil. Breithnítear ann freisin an comhthéacs margaidh cíosa agus an réasúnaíocht is bun leis an gCreidmheas Cánach Cíosa, lena n-áirítear measúnú ar thionchar dáileacháin an Chreidmheasa Cánach.
Tugadh an Creidmheas Cánach Cíosa isteach leis an Acht Airgeadais, 2022, ag ráta €500 le haghaidh cáiníocóirí a mheasúnaítear ar bhonn singil agus ag ráta €1,000 le haghaidh aonaid a mheasúnaítear i gcomhpháirt (agus an ráta sin á chur i bhfeidhm go cúlghabhálach i leith éileamh don bhliain 2022), agus bhí sé ar fáil do dhaoine a ghlacann a bpríomháit chónaithe phríobháideach ar cíos agus do dhaoine atá in imthosca áirithe eile. Leasaíodh é ina dhiaidh sin leis an Acht Airgeadais, 2023, tríd an gcreidmheas a mhéadú ó €500 go €750 le haghaidh daoine singil agus ó €1,000 go €1,500 le haghaidh lánúineacha a mheasúnaítear i gcomhpháirt. Ar deireadh, sa leagan reatha den chreidmheas cánach faoin Acht Airgeadais 2024, méadaíodh é arís eile go €1,000 le haghaidh cáiníocóirí singil agus go €2,000 le haghaidh lánúineacha a mheasúnaítear i gcomhpháirt, agus feidhm aige maidir le héilimh don bhliain 2025 agus – go cúlghabhálach – don bhliain 2024 chomh maith.
Léirítear sna sonraí is déanaí atá ar fáil ó na Coimisinéirí Ioncaim gur bhain 273,000 aonad cáiníocóra tairbhe as an gCreidmheas Cánach sa bhliain 2022 agus gur bhain 315,000 aonad cáiníocóra tairbhe as sa bhliain 2023, ar chostas €156 mhilliún sa bhliain 2022 agus ar chostas €183 mhilliún sa bhliain 2023. Tá faisnéis níos mine ar fáil don chéad bhliain, agus léirítear inti gur éiligh 372,000 duine an Creidmheas Cánach Cíosa sa bhliain 2022.
Áirítear iad seo a leanas le roinnt de na príomhfhionnachtana ón Athbhreithniú:
- sa bhliain 2022, bhí an líon daoine aonair a bhí ag éileamh an Chreidmheasa Cánach Cíosa cothrom le níos mó ná 90 faoin gcéad den líon tairbhithe a measadh ar dtús nuair a tugadh isteach é, ba é sin 400,000 duine
- is iad na cohóirt is mó a ndéantar ionadaíocht dóibh i measc éilitheoirí an Chreidmheasa Cánach Cíosa ná daoine óga idir 21 bhliain d’aois agus 40 bliain d’aois, cónaitheoirí i mBaile Átha Cliath, agus daoine singil
- tagann as an easpa tairbhithe spriocdhírithe agus as an gcostas suntasach don státchiste ábhair imní faoina oiriúnaí atá an Creidmheas Cánach Cíosa mar chaiteachas cánach, seachas mar chaiteachas díreach
- dá mbeadh sonraí níos mine ar fáil, chuirfí feabhas suntasach ar mheastóireachtaí amach anseo ar an gCreidmheas Cánach Cíosa
Ag labhairt dó faoin bhfoilseachán, dúirt Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais:
“Fáiltím roimh fhoilsiú an chéad Athbhreithnithe ar an gCreidmheas Cánach Cíosa.
“Tugadh an Creidmheas Cánach Cíosa isteach chun cabhrú le cíosaithe tráth a bhí méadú ag teacht ar chostais mhaireachtála, ar phraghsanna tí agus ar chíosanna, agus is léiriú é ar an rún atá ag an rialtas aghaidh a thabhairt ar inacmhainneacht do thionóntaí príobháideacha.
“Leis an Athbhreithniú seo, tugtar deis thráthúil chun measúnú a dhéanamh ar thionchar an Chreidmheasa Cánach Cíosa agus ar a ábharthacht leantach.”