Tugann an tAire Carroll MacNeill agus an tAire Calleary faoi deara an rialú ón gCúirt Uachtarach i ndáil leis na Treoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta
-
Ó: An Roinn Airgeadais; An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
- Foilsithe: 9 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Thug an Chúirt Uachtarach an breithiúnas uaithi inniu (Dé Máirt an 9 Aibreán) i gcás Bridget Delaney v. An Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta agus Daoine Eile, rud a bhaineann le ceapadh agus cur chun feidhme na dTreoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta.
Agus an bhreith á tabhairt faoi deara acu, dúirt Jennifer Carroll MacNeill (an tAire Stáit um Sheirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas) agus Dara Calleary (an tAire Stáit um Chur Chun Cinn na Trádála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialáil Cuideachtaí):
“Tugaimid faoi deara an bhreith shuntasach a thug an Chúirt Uachtarach inniu i ndáil leis na Treoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta. Bhí cur chun feidhme na dTreoirlínte mar chuid lárnach de chlár an rialtais um athchóiriú árachais, de réir an Phlean Gníomhaíochta um Athchóiriú Árachais, agus den obair atá ar bun chun an Bord um Réiteach Díobhálacha a neartú agus chun an Dualgas Cúraim a athchothromú.
“Tógfaidh sé tamall maith orainn chun an breithiúnas ón gCúirt Uachtarach a thuiscint go hiomlán. Tá sé tábhachtach, áfach, go ndéanfadh na geallsealbhóirí uile machnamh ar an mbreithiúnas. Go háirithe, toisc go bhfuil sé soiléir anois gur seasadh leis na Treoirlínte, tá freagracht ar árachóirí é sin a léiriú ina bpréimheanna. Ar leithligh uaidh sin, is gá faireachán a dhéanamh ar na costais dlí a bhaineann le héilimh díobhálacha pearsanta.
“Tá sé mar thosaíocht ag an rialtas go fóill cobhsaíocht a chur leis an timpeallacht éileamh díobhálacha pearsanta, agus faighimid soiléire ina leith sin ón mbreithiúnas a tugadh inniu.”