English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an tAire Donohoe cuairt ar Washington DC chun freastal ar chruinnithe bliantúla an Bhainc Dhomhanda & IMF

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 16 Deireadh Fómhair 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tugann cruinnithe ar Capitol Hill deis luachmhar chun tábhacht na gcaidreamh tras-Atlantach a phlé

Taistealóidh an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe, Paschal Donohoe TD, inniu (Dé Céadaoin) go Washington D.C. chun freastal ar Chruinnithe Bliantúla an Bhainc Dhomhanda agus an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (IMF). Agus é i Washington, tabharfaidh an tAire Donohoe faoi shraith cruinnithe le baill shinsearacha Rialtas na Stát Aontaithe.

Le linn a chuairte, casfaidh an tAire Donohoe le baill shinsearacha an IMF agus Ghrúpa an Bhainc Dhomhanda lena n-áirítear Stiúrthóir Bainistíochta nua an IMF, Kristalina Georgieva.

Glacfaidh an tAire páirt i roinnt imeachtaí le linn an Cruinnithe Bhliantúil. Tabharfaidh sé aitheasc tábhachtach do Chomhthionól Airí agus Cosantóirí Thionscadal Caipitil Daonna an Bhainc Dhomhanda agus tugadh cuireadh dó mar phainéalaí ardleibhéil ag an seimineár 'Making the Case for Reform: on the Political-Economy of Structural Reforms'. Seolfaidh an tAire Donohoe tionscnamh Shlógadh Acmhainní Intíre na hÉireann (DRM), ar comhoibriú uile-Rialtais é idir an Roinn Airgeadais, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim (Ioncam) chun acmhainn riaracháin cánach na dtíortha i mbéal forbartha a neartú.

Buailfidh an tAire chomh maith le baill thábhachtacha de Rialtas na Stát Aontaithe; Ceann Foirne Gníomhach sa Teach Bán & Stiúrthóir na hOifige Bainistíochta agus Buiséid, Mick Mulvaney; Cathaoirleach an Choiste um Bealaí agus Modhanna, an Feisire Richard Neal; agus baill an Choiste; agus Cathaoirleach Choiste Airgeadais an tSeanaid, an Seanadóir Chuck Grassley. Díreoidh cainteanna ar Capitol Hill ar ár gcaidreamh eacnamaíoch déthaobhach leis na Stáit Aontaithe, chomh maith le caidreamh AE-SAM i ndiaidh na Breatimeachta.

In aitheasc poiblí chuig Institiúid Brookings atá beartaithe don Déardaoin, labhróidh an tAire Donohoe faoi áit na hÉireann i ndomhan atá ag éirí níos idirspleáiche, na dúshláin a bhaineann leis an mBreatimeacht agus an caidreamh idir Éire, an AE agus an Ríocht Aontaithe amach anseo, agus an tábhacht a bhaineann le caidreamh tras-Atlantach.

Ag labhairt dó roimh a chuairt, dúirt an tAire:

'Táim ag súil le freastal ar Chruinnithe Bliantúla an Bhainc Dhomhanda agus an IMF. I dtréimhsí neamhchinnte tá na hinstitiúidí iltaobhacha seo agus an méid a chuireann siad le dul chun cinn mór eacnamaíoch agus sóisialta níos tábhachtaí ná riamh. Táim ag súil leis an deis chun peirspictíochtaí maidir le saincheisteanna eacnamaíochta agus forbartha idirnáisiúnta a mhalartú'.

“Is comhpháirtithe tábhachtacha iad Éire agus SAM. Le linn mo chuairte, glacfaidh mé an deis caidreamh a bhunú leis na leibhéil is airde de Rialtas na Stát Aontaithe, agus le go leor de chairde na hÉireann ar Capitol Hill, chun plé a dhéanamh ar an gcaidreamh déthreoch eacnamaíoch agus trádála atá ag tacú le poist sa dá thír, agus conas is féidir linn leanúint den chaidreamh comhthairbheach seo a fhás agus a neartú. ”

CRÍOCH