Tugann an tAire Donohoe cuntas ar straitéis mheántéarmach chun nochtadh d’fháltais cháin chorparáide a laghdú

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an tAire Donohoe cuntas ar straitéis mheántéarmach chun nochtadh d’fháltais cháin chorparáide a laghdú

Thug an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe, T.D., chun solais inniu (Dé Máirt) an gá atá le barrachas buiséadach a chur chun feidhme sa mheántéarma chun dul i ngleic le leochaileacht a bhaineann leis an sciar méadaitheach d’fháltais cháin chorparáide.

Ag labhairt dó ag an Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha (tá an óráid le foilsiú ina dhiaidh seo), thug an tAire Donohoe cuntas ar roinnt tosca seachtracha a bhagraíonn ar gheilleagar na hÉireann, athruithe ina measc a bheidh ag teacht aníos ar bheartas domhanda cánachas corparáide. Lena chinntiú gur féidir leis an airgeadas poiblí tionchar na n-athruithe seo a mhaolú, leag an tAire roinnt spriocanna meántéarmacha amach a bhainfidh barrachas buiséadach ar a laghad 1 faoin gcéad den OTI amach faoin mbliain 2022 agus a bhainfidh cóimheas fiachais idir Ollioncam Náisiúnta (OIN)* 85 faoin gcéad amach faoin mbliain 2025.

Mhínigh an tAire go mbraitheann na spriocanna seo ar bhorradh geilleagrach leanúnach agus, i gcás Brexit neamhordúil, mar shampla, is é easnamh a chur chun feidhme an bealach cuí chun an tionchar a imrítear ar an ngeilleagar a mhaolú. Fiú i gcás fágáil neamhordúil, tá súil ag an Aire leis go mbainfí cothromaíocht amach arís faoi thart ar an mbliain 2023. Maidir leis an sprioc fiachais, ba leor borradh bliantúil ainmniúil OIN* 3½/-4 faoin gcéad, anuas ar bharrachas buiséadach os cionn an chórais, chun an sprioc seo a bhaint amach.

Dúirt an tAire:

“Freagairt éifeachtach ar an mbagairt atá romhainn, arb iomaí ceann atá romhainn, is ea barrachas buiséadach a chur chun feidhme atá os cionn an chórais gheilleagraigh. Ar leibhéal idirnáisiúnta, tá athruithe ar cháin chorparáide ag teacht aníos agus ní mór dúinn ullmhú anois. Is é barrachas a chur chun feidhme agus fiachas poiblí a laghdú an bealach is fearr bealach chun an tionchar a mhaolú”.

Críoch

Nótaí d’Eagarthóirí:

Sainaithnítear in óráid an Aire roinnt brúnna seachtracha (atá de chineál níos fadtéarmaí agus struchtúrach, seachas de chineál gearrthéarmach timthriallach). Is iad seo:

  • Fágáil na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach;
  • ‘Dídhomhandú’
  • Athchóiriú cáin chorparáide idirnáisiúnta;
  • Borradh seasmhach lag in ardgheilleagair.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat