English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

An Oifig um Athbhreithniú Creidmheasa

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 25 Bealtaine 2018
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Is é ról na hOifige um Athbhreithniú Creidmheasa ná bheith cinnte de go bhfuil an córas creidmheasa ag feidhmiú go héifeachtach le haghaidh fiontair bheaga agus mheán-mhéide, lena n-áirítear trádálaithe aonair agus feirmeoirí. Soláthraíonn sé próiseas simplí agus éifeachtach athbhreithnithe le haghaidh gnólachtaí ar dhiútaigh na bainc creidmheas a thabhairt dóibh, agus tuarascaíonn sé go rialta don Aire Airgeadias ar thréithe creidmheasa chun cuidiú le sruthú méadaithe de chreideamh a dheimhniú le haghaidh gnólachtaí inmharthana. Más rud é go bhfuil gnólacht nó feirmeoir ag a bhfuil creidmheas idir €1,000 go €3,000,000 diúltaithe, laghdaithe, bainte ar shiúl nó athstruchtúraithe agus go mothaíonn siad nach bhfuil bonn cirt le cinneadh an bhainc, is féidir leo iarratas a chur isteach chuig an oifig um Athbhreithniú Creidmheasa chun athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar an gcinneadh creidmheasa. Cinnteoidh an tAthbhreithneoir cé acu atá an ghnólacht inmharthana nó nach bhfuil agus an bhféadfaí iasacht a dhéanamh laistigh de theorainneacha riosca inghlactha. Go dtí seo, bhí an Oifig um Athbhreithniú Creidmheasa in ann breis agus 50% (1 as 2) de dhiúltaithe an bhainc a chealú. AIB, BOI, Ulster agus PTSB na bainc a ghlacann páirt ann.