Comhairliúchán Poiblí ar an bPlean Gníomhaíochta maidir le Printíseachtaí 2026-2030
-
Ó: An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
- Foilsithe: 19 Nollaig 2025
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 19 Nollaig 2025
- dúnadh na haighneachtaí: 16 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 3 Feabhra 2026
Tá an Comhairliúchán ar oscailt
Cuspóir an Chomhairliúcháin
Tugann an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta cuireadh duit do thuairimí a thabhairt maidir leis an bPlean Gníomhaíochta nua don Phrintíseacht 2026–2030, ag tógáil ar an bPlean Gníomhaíochta reatha 2021–2025.
Is féidir an Plean Gníomhaíochta don Phrintíseacht 2021–2025 a fháil anseo: Action Plan for Apprenticeship, 2021 to 2025.
Tá sé i gceist leis an gcomhairliúchán tuairimí páirtithe leasmhara, eagraíochtaí agus comhaltaí den phobal a bhfuil spéis acu a lorg maidir le dul chun cinn an Phlean Gníomhaíochta reatha don Phrintíseacht 2021–2025, agus aiseolas a bhailiú chun bonn eolais a chur faoi bheartas don Phlean Gníomhaíochta nua don Phrintíseacht 2026–2030.
Comhairliúchán Poiblí ar an bPlean Gníomhaíochta don Phrintíseacht 2026–2030: Páipéar Comhairliúcháin, lena n-áirítear ceisteanna comhairliúcháin.
Conas aighneacht a dhéanamh
Is féidir leat ceisteanna an chomhairliúcháin a fhreagairt tríd an bhfoirm anseo.
Más fearr leat, is féidir leat do chuid freagraí ar cheisteanna an chomhairliúcháin a chur isteach trí ríomhphost: apprenticeship2030@dfheris.gov.ie
Nó tríd an bpost:
Apprenticeship Policy Unit
- Seoladh:
- Department of Further and Higher Education, Research, Innovation and Science, Marlborough Street, DUBLIN, D01 RC96
Léirigh d’ainm, le do thoil, cibé acu atá tú ag léiriú do thuairimí pearsanta nó tuairimí eagraíochta (más amhlaidh, luaigh cén eagraíocht) agus cibé acu an printíseach tú, nó an raibh tú i do phrintíseach.
Dáta deiridh
Is é 5.00 pm an 16 Feabhra 2026an spriocdháta chun aighneachtaí a chur isteach. Ní féidir linn aighneachtaí a fhaightear tar éis an ama sin a chur san áireamh.
Cosaint Sonraí
Déileálfar go docht le haon fhaisnéis phearsanta a chuirtear faoi bhráid na Roinne de réir an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí 2016/679 agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018.
Féadfar tuarascáil chomhairliúcháin a ullmhú bunaithe ar na freagraí ar an suirbhé seo.
An chaoi a n-úsáidfimid do fhreagra
Úsáidfear an fhaisnéis a sholáthraíonn freagróirí chun ábhar agus fócas an Phlean Gníomhaíochta nua don Phrintíseacht 2026–2030 a mhúnlú.
Féadfar aighneachtaí agus tuairimí a fhaightear a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, mura n-iarrtar a mhalairt. Bainfear aon fhaisnéis phearsanta atá san áireamh i d’aighneacht amach sula scaoilfear í.
Saoráil Faisnéise
Tabhair do d'aire, le do thoil, gur féidir faisnéis a cuireadh isteach a lorg faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus gur féidir í a scaoileadh mar fhreagra ar iarratas um Shaoráil Faisnéise. Bainfear aon fhaisnéis phearsanta a chuirtear san áireamh sa suirbhé seo sula n-eiseofar í. Má tá aon cheist agat maidir le beartas Nochta na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, seol ríomhphost chuig foi@dfheris.gov.ie.