Tuarascáil Bhliantúil 2024 - An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Tuarascáil Bhliantúil 2024 - An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta

Ár Spriocanna Straitéiseacha a Fhorbairt

Tallann a Fhorbairt

Oibreoimid chun cur ar chumas gach duine ar fud na sochaí a n-acmhainneacht a bhaint amach agus na buanna, na scileanna agus an t-eolas is gá a fhorbairt chun go n-éireoidh leo i ngeilleagar na hÉireann sa lá atá inniu ann agus chun freastal ar riachtanais ár bpáirtithe leasmhara, ár bhfostóirí agus ár dtionscal.

Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht a Chur Chun Cinn

Beimid i gceannas ar chur chuige uile-Rialtais maidir le taighde agus nuálaíocht (T&N) a chur chun cinn, trí straitéisí comhaontaithe a chur i bhfeidhm agus trí rannpháirtíocht a chur chun cinn idir na hearnálacha fiontraíochta, institiúidí ardoideachais agus comhlachtaí taighde in Éirinn, san earnáil phoiblí, sa phobal i gcoitinne agus go hidirnáisiúnta.

Tacú le Cuimsiú

Déanfaimid ár ndícheall a chinntiú go gcuirfear ar chumas foghlaimeoirí ar fud an chórais threasach rochtain a fháil ar na tacaíochtaí a theastaíonn uathu, go háirithe chun freastal ar riachtanais foghlaimeoirí leochaileacha, daoine faoi mhíchumas agus iad siúd ó chúlra míbhuntáiste chun rannpháirtíocht fhorleathan leis na córais oideachais agus scileanna a chur chun cinn agus chun cur leis an duine aonair, fás agus rathúnas náisiúnta.

Rannpháirtíocht Dhomhanda

Cuirfimid Éire chun cinn mar shuíomh idirnáisiúnta ceannródaíoch do thaighdeoirí, do mhic léinn agus d’iarchéimithe, agus mar ardgheilleagar eolais le fócas ceannródaíoch ar T&F, áit a bhfuil rannpháirtíocht leanúnach ar fud Oileán na hÉireann agus trí chomhpháirtíochtaí tábhachtacha leis an Ríocht Aontaithe, laistigh den AE, Thuaidh/Theas agus Thoir/Thiar agus ar fud an domhain, d’fhonn leanúint de dhaoine ardghnóthachtála ó thar lear a mhealladh chuig córas oideachais idirnáisiúnta na hÉireann agus chun Éire a chumasú chun dul san iomaíocht ar an stáitse domhanda.

Athchóiriú Córais agus Feidhmíochta

Cuirfimid dul chun cinn leanúnach na gcóras Breisoideachais agus Ardoideachais chun cinn, ag comhoibriú le páirtithe leasmhara i bhforbairt Córas Aontaithe Treasach, claochlú cur chuige i leith Printíseachtaí agus ag glacadh leis an tábhacht a bhaineann le forbairt Scileanna.

Cumais

Cinnteoimid go bhfuil an Roinn in ann a Misean, a Spriocanna agus a Straitéis a chur i gcrích trí thacú lenár bhfoireann, aghaidh a thabhairt ar ár riachtanais foghlama agus forbartha, agus rannpháirtíocht leanúnach a choimeád ar bun ar fud an Rialtais agus lenár bpáirtithe leasmhara.

Tuarascáil Bhliantúil 2024 - An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat