Tuarascáil Bhliantúil 2021 - An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
-
Ó: An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
- Foilsithe: 11 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 14 Samhain 2022
Réamhrá
Ba í 2021 an chéad bhliain iomlán i mbun feidhme don Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus d’fhoilsigh an Roinn a céad tuarascáil bhliantúil i mbliana dá réir.
Tá ár Ráiteas Straitéise 2021-23 mar bhonn ag an tuarascáil. Leagann an Straitéis sin ár spriocanna amach agus is iad na spriocanna sin ná Daoine Cumasacha, Nuálaíocht, Ionchuimsiú, Idirnáisiúnta, Rialachas agus Acmhainn agus treoirmhisean chun córas breisoideachais agus ardoideachais agus taighde na hÉireann a fhorbairt ar mhaithe le tacú le daoine barr a gcumais a bhaint amach agus fiúntas, rathúnas, teacht aniar a chruthú chomh maith le sochaí aontaithe inbhuanaithe agus bhríomhar a chothú. Baineadh feidhm as gach ceann de na beartais, tionscnaimh agus straitéisí a bhfuil cur síos orthu sa tuarascáil seo chun tacú leis an misean seo agus tá áthas orm a thabhairt faoi deara gur éirigh linn an clár oibre uaillmhianach seo a chur chun cinn.
Tharla dul chun cinn nach beag in earnáil an Bhreisoideachas agus Oiliúna (BOO) toisc gur cuireadh roghanna BOO leis an CAO bhí fágálaithe scoile in ann réimse iomlán na roghanna a fheiceáil den chéad uair, agus léiríonn an líon is airde riamh de chlárú printíseachtaí in 2021 cé chomh mór agus a chuaigh an Plean Gníomhaíochta do Phrintíseachtaí i bhfeidhm. Is tosaíocht amach is amach don Roinn é forbairt na nOllscoileanna Teicneolaíochta agus ba bhliain thábhachtach í 2021 ó tharla cúig Ollscoil Teicneolaíochta a bheith curtha ar bun faoi am sin gus a cion féin á dhéanamh go réigiúnach agus go náisiúnta ag gach ceann acu. D’fhoilsíomar Bille an Údaráis um Ard-Oideachas a dhéanfaidh, nuair a bheidh sé críochnaithe, foráil do na hathchóirithe rialachais is suntasaí laistigh den earnáil ardoideachais le caoga bliain. Rinneadh infheistíochtaí láidre i dtírdhreach taighde na hÉireann le linn 2021 freisin ag tacú ar an gcaoi sin ní hamháin lenár dtaighdeoirí agus nuálaithe ach freisin ag cur leis an mbonn fianaise faoi shaincheisteanna tábhachtacha amhail athrú aeráide.
Ba bhliain í 2021 freisin inar tharla athruithe eagraíochtúla nach beag sa Roinn. Le linn na n-athruithe sin rinneamar ár ndícheall cultúr ionchuimsitheachta agus comhoibrithe a chothú, go hinmheánach agus lenár bpáirtithe leasmhara seachtracha. Ba léir é seo inár struchtúir inmheánacha agus cruthú beartas. Bhí ár gcomhghleacaithe thar a bheith uaillmhianach agus thapaigh siad an deis le Roinn nua agus le Ráiteas Straitéise nua chun feabhsuithe a bhaint amach d’fhoghlaimeoirí, do thaighdeoirí agus don tír ina hiomláine.
Jim Breslin, An tArd-Rúnaí