Cuir iarratas isteach ar chathaoirleach chomhairle Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath nó ar chomhaltas bhord rialaithe Scoil na Fisice Cosmaí dá cuid
-
Ó: An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
- Foilsithe: 12 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 26 Lúnasa 2021
- Poist agus Riachtanais
- Íocaíocht
- Riachtanais an cheapacháin
- Téarmaí oifige
- Conas iarratas a dhéanamh
- Rúndacht
- Cosaint sonraí
- Forálacha reachtacha agus rialachais
- Cúlra na hInstitiúide
Tá an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta ag iarraidh iarratas ar cheapachán do chathaoirleach chomhairle Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath (DIAS), agus ar chomhaltas bhord rialaithe Scoil na Fisice Cosmaí dá cuid.
Poist agus Riachtanais
Iarrtar léirithe spéise anois ó iarrthóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhfuil cáilíochtaí iomchuí acu le breithniú mar:
- cathaoirleach chomhairle DIAS
- 3 phost mar chomhaltaí bhord rialaithe Scoile na Fisice Cosmaí
Riachtanais le haghaidh na bpost uile
Ba cheart go mbeadh taithí shuntasach ag iarrthóirí ar na poist uile mar aon le cuntas teiste ar ghnóthachtáil i réimsí acadúla agus taighde atá clúdaithe ag an institiúid agus ag a scoileanna comhpháirte.
Ba cheart go mbeadh scileanna agus taithí níos ginearálta ag iarrthóirí atá ábhartha do chomhaltas údaráis rialaithe nó do bhord scoile acadúla, mar aon le roinnt de na hinniúlachtaí atá leagtha amach thíos, nó iad go léir:
- cumarsáidí
- rialachas corparáideach
- taithí fheidhmiúcháin, bhainistíochta nó ghairmiúil
- taithí airgeadais
- saineolas ar acmhainní daonna
- taithí dhlíthiúil
- bainistíocht riosca
Riachtanais maidir le cathaoirleach na comhairle
In éineacht leis na riachtanais atá leagtha amach thuas, tá sé inmhianaithe go bhfuil taithí roimh ré ag iarrthóirí ar chathaoirleach na comhairle ar chomhaltas boird rialaithe nó ar chathaoirleacht a dhéanamh ar bhord. Ní mór go bhfuil na nithe a leanas ag iarrthóirí ar chathaoirleach:
- cuntas teiste cruthaithe ar ghnóthachtáil ar leibhéal sinsearach iomchuí maidir le maoirseacht a dhéanamh ar straitéis mheántéarma go fadtéarma a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm in eagraíocht mhór san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach
- taithí phraiticiúil ar leibhéal sinsearach ar airgeadas agus ar iniúchóireacht in eagraíocht phoiblí nó phríobháideach ag a raibh buiséad nó láimhdeachas mór bliantúil
- cuntas teiste cruthaithe ar rialachas, ar bhainistíocht riosca agus ar chomhlíontacht a mhaoirsiú
- na cumais cheannasaíochta shuntasacha agus an taithí shuntasach atá riachtanach chun ról an chathaoirligh a chomhlíonadh
Riachtanais le haghaidh chomhalta Scoil na Fisice Cosmaí
Maidir le comhaltaí bhord rialaithe Scoil na Fisice Cosmaí teastaíonn an méid a leanas:
- geoifisic: taithí ar sheismeolaíocht nó ar gheoifisic réimse poitéinsil nó ar gheodasaíocht satailíte
- réalteolaíocht nó réaltfhisic: taithí ar chruthú réaltaí, ar scairdeanna, ar fhisic ghréine, ar aimsir spáis, agus ar réalteolaíocht raidió
Íocaíocht
Ní fhaigheann comhalta ar bith de chomhairle na hinstitiúide nó de bhoird rialaithe na scoileanna íocaíocht ar bith seachas taisteal agus cothú.
Riachtanais an cheapacháin
Éilítear ar chomhaltaí an oiread sin ama a chaitheamh ar dhualgais na comhairle nó an bhoird rialaithe agus is gá le haghaidh a gcuid dualgas a chomhlíonadh go ceart agus go héifeachtach. De ghnáth tionólann comhairle agus bord rialaithe Scoil na Fisice Cosmaí a gcuid cruinnithe i mBaile Átha Cliath. Tionóltar dhá chruinniú in aghaidh na bliana: ceann amháin i mBealtaine agus ceann eile i Samhain. Maireann gach cruinniú idir dhá uair agus ceithre huaire. De ghnáth tionóltar cruinnithe sa seomra boird ag ceanncheathrú DIAS, ag 10 Bóthar Burlington, Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath 4.
Le linn phaindéim COVID-19, tionóladh cruinnithe ar líne agus leanfar leis an gcleachtas sin faoi réir ag treoirlínte sláinte poiblí.
Ba cheart do chathaoirleach na comhairle agus do chomhaltaí bhord rialaithe na scoile a bheith eolach ar fhorálacha ábhartha an ‘Chóid Chleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú’. Áirítear leis an gcód cleachtais cur síos ar róil agus ar fhreagrachtaí chomhaltaí an bhoird.
Téarmaí oifige
Mairfidh téarma oifige chathaoirleach na comhairle ó dháta an cheapacháin go dtí go rachaidh téarma na comhairle reatha in éag an 30 Meitheamh 2025.
Mairfidh téarma oifige chomhaltaí bhord rialaithe Scoil na Fisice Cosmaí ó dháta an cheapacháin go dtí go rachaidh téarma an bhoird reatha in éag an 31 Márta 2025.
Conas iarratas a dhéanamh
Má tá spéis agat in iarratas a chur isteach ar chathaoirleach na comhairle nó ar chomhaltas bhord rialaithe Scoile na Fisice Cosmaí, comhlánaigh an fhoirm iarratais thíos. Cuir an fhoirm iarratais chomhlánaithe isteach le litir chumhdaigh agus le CV faoi 3in Dé Mháirt, an 3 Lúnasa 2021, chuig boardvacancies@dfheris.gov.ie.
Tabhair faoi deara, d’fhonn cothroime agus caitheamh cothrom a chinntiú, ní féidir leis an roinn iarratais a ghlacadh tar éis an spriocdháta atá sonraithe.
Gheobhaidh tú admháil ar fháil d’iarratais. Mura bhfaigheann tú admháil laistigh de 3 lá ó chur isteach d’iarratais, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le boardvacancies@dfheris.gov.ie.
Pointí tábhachtacha faoi d’iarratas
An fhaisnéis a chuireann tú ar fáil
Glac cúram agus do léiriú spéise á chur isteach, mar déanfaidh an painéal measúnaithe a chuid moltaí don aire bunaithe ar bhreithniú na ndoiciméad a chuireann tú isteach. Dá bhrí sin tá sé thar a bheith tábhachtach go gcinntíonn tú go bhfuil sé sonraithe i do litir chumhdaigh agus i do CV an dóigh a gcomhlíonann do chúlra agus do thaithí riachtanais na bpost atá sonraithe san fheachtas seo. Beidh sé sin ina chuidiú lena chinntiú go mbeidh an oiread eolais is féidir ag an bpainéal maidir le d’oiriúnacht agus bunús d’iarratais.
Coinbhleachtaí leasa agus baic dhlíthiúla
Ní mór duit a dhearbhú nach bhfuil coinbhleachtaí leasa nó bac dlíthiúil ar bith agat ar dócha go gcuirfeadh siad isteach ar do chumas ról iomlán a ghlacadh ar na boird. Ní mór duit a dhearbhú freisin gur féidir leat bheith ar fáil chun freastal ar chruinnithe agus chun dualgais an phoist a chur i bhfeidhm.
Gearrliostú
D’fhéadfadh próiseas gearrliostaithe a bheith i gceist leis an bpróiseas roghnúcháin, ag brath ar líon na n-iarratas a gheofar.
Ainmnithe seachtracha
Agus ainmniúcháin á ndéanamh, agus ar aon dul le dea-chleachtas mar atá leagtha amach sna ‘Treoirlínte maidir le Ceapacháin do Bhoird Stáit’, is féidir leis an aire ainmnithe oiriúnacha a bhreithniú seachas iad siúd a shainaithnítear tríd an bpróiseas seo, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann an t-ainmní roghnaithe na critéir shonraithe.
Cothromaíocht inscne
Breithneoidh an t-aire an inmhianaitheacht maidir le cothromaíocht inscne ar an údarás rialaithe, de réir mar a mheasann an t-aire le bheith iomchuí, agus de réir mar a chinneann sé/sí ó am go hám agus ceapacháin á ndéanamh.
Rúndacht
Faoi réir ag forálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 2014, caithfear le hiarratais go huile agus go hiomlán faoi rún. Caitear le fiosrúcháin, le hiarratais agus le gnéithe uile na n-imeachtaí mar fhaisnéis rúnda go huile agus go iomlán agus ní nochtar iad do dhuine ar bith, seachas iad siúd a bhfuil baint dhíreach acu leis an ngné sin den phróiseas.
Féadfar míreanna faisnéise áirithe, nach mbaineann go sainiúil le duine aonair ar bith, a asbhaint as taifid ríomhaire chun críocha staitistiúla ginearálta.
Cosaint sonraí
Tá an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta tiomanta do do chuid sonraí pearsanta a chosaint agus tá sí i ndáiríre faoi shlándáil do chuid faisnéise, ag cloí le prionsabail na follasachta, na cuntasachta agus na slándála sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Faigh níos mó amach faoin GDPR.
Forálacha reachtacha agus rialachais
Tá róil reachtacha acu uile, eadhon údarás rialaithe DIAS, an chomhairle, in éineacht le húdaráis rialaithe gach scoile comhpháirte dá cuid, boird na scoileanna. Ós rud é go bhfuil ardleibhéal neamhspleáchas ag an institiúid, baineann tábhacht ar leith le ról na n-údarás rialaithe i dtéarmaí rialachais agus cuntasachta.
Rialaítear ról údarás rialaithe na hinstitiúide, an chomhairle, ag Alt 9 (1) agus (2) Acht DIAS, lena leagtar amach na feidhmeanna a leanas:
- beidh comhlacht corparáideach na hinstitiúide comhdhéanta de chomhairle na hinstitiúide
- beidh rialú ginearálta na hinstitiúide agus riarachán na ngnóthaí di sin dílsithe sa chomhairle
Rialaítear ról údarás rialaithe na scoile, an bord, ag Alt 6 (2) Acht DIAS agus i gcomhthéacs an phróisis sin, leagtar amach na feidhmeanna a leanas le hOrdú Bunaithe um Institiúid Ard-Léighinn (Scoil na Fisice Cosmaí) 1947:
“Beidh an chumhacht ag an mBord Rialaithe chun obair na Scoile a stiúradh agus a rialú agus chun scéimeanna staidéir agus taighde a chur le chéile agus a chur i bhfeidhm, nó foráil a dhéanamh go gcuirfear i bhfeidhm iad, agus chun a leithéid de nithe eile a dhéanamh a d’fhéadfadh a bheith riachtanach maidir le cur chun feidhme agus oibriú éifeachtach na Scoile i gcomhréir leis an Acht agus leis an Ordú seo.”
Féach na forálacha reachtacha is infheidhme maidir le ceapachán chathaoirleach na comhairle agus maidir le ceapachán chomhaltaí Scoil na Fisice Cosmaí.
Cúlra na hInstitiúide
Is eagraíocht neamhspleách DIAS le haghaidh taighde i ndisciplíní bunúsacha atá maoinithe, i bpáirt, ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.
Is corparáid reachtúil í an institiúid,a bunaíodh faoin Acht um Institiúid Ard-Léighinn, 1940.
Tugann an institiúid, trí na scoileanna comhpháirte, faoi thaighde bunúsach i mbrainsí speisialta eolais. Is foilsitheoir acadúil an institiúid maidir le monagraif, leabhair, agus irisleabhair sa Léann Ceilteach agus maidir le hábhair ard-eolaíochta.
Tá trí scoil comhpháirte san institiúid:
- baineann an Scoil um Léann Ceilteach le cur chun cinn an staidéir ar theangacha Ceilteacha agus ar litríocht Cheilteach trí chlár imscrúdaithe, eagarthóireachta agus foilsithe
- déanann Scoil na Fisice Teoiriciúla imscrúdú ar phrionsabail mhatamaiticiúla dhlíthe an nádúir
- déanann Scoil na Fisice Cosmaí staidéir theoiriciúla, ríomhaireachtúla agus breathnaitheacha ar réalteolaíocht, ar réaltfhisic agus ar gheoifisic d’fhonn an tuiscint ar an gcosmas a chur chun cinn
Déanann gach scoil scoláirí agus comhaltaí a chur faoi oiliúint agus faoi mheantóireacht ionas gur féidir leo cur le buíon na saineolaithe, le caipiteal daonna agus le scileanna speisialta in Éirinn. Tá bord rialaithe neamhspleách ag gach scoil atá freagrach as stiúradh taighde agus as gnóthaí acadúla na scoile.
Tá an chomhairle freagrach as rialachas ginearálta ghnóthaí riaracháin na hinstitiúide (agus airgeadas, bainistíocht riosca, comhlíonadh riachtanas reachtúil agus maoirseacht ar dhea-chleachtas san áireamh). Tá comhaltas na Comhairle leagtha amach in Acht 1940 agus tá sí comhdhéanta de chathaoirleach neamhfheidhmiúcháin arna cheapadh ag Uachtarán na hÉireann ar chomhairle ón rialtas, de thriúr comhaltaí de bhrí oifige (Propast Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, uachtarán Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus uachtarán Acadamh Ríoga na hÉireann) agus de sheisear comhaltaí arna gceapadh ag boird rialaithe na dtrí scoil. Mairfidh téarma reatha na comhairle suas go dtí an 30 Meitheamh 2025.
Is róil neamhfheidhmiúcháin iad poist uile na comhairle agus na mbord.
Tá faisnéis bhreise faoi DIAS ar fáil ar external-link https://www.dias.ie/ | shuíomh gréasáin na hinstitiúide
]. Tá plean straitéiseach is déanaí de chuid na hinstitiúide ar fáil freisin.