Deontais mac léinn
-
Ó: An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
- Foilsithe: 31 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 13 Meán Fómhair 2024
- Faisnéis a fháil faoi dheontais mac léinn
- Téarmaí agus coinníollacha an mhaoinithe
- Cineálacha na gcúrsaí atá ceadaithe le haghaidh deontas mac léinn
- Iarratas a chur isteach ar dheontas mic léinn
- Déan teagmháil le SUSI
- Aiseolas
Is é an phríomhthacaíocht airgeadais atá ar fáil do mhic léinn incháilithe atá ag freastal ar chúrsaí lánaimseartha breisoideachais agus ardoideachais ná an deontas mic léinn, a bhféadfadh deontas cothaithe nó deontas táillí nó an dá rud araon bheith ina gcuid de, ag brath ar incháilitheacht.
Déantar Scéim na nDeontas Mac Léinn ar a ndéantar tástáil acmhainne a riar ag Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI) ar son na roinne.
Faisnéis a fháil faoi dheontais mac léinn
Tabhair cuairt ar susi.ie le haghaidh faisnéis chuimsitheach a fháil maidir le deontais mac léinn agus ar studentfinance.ie maidir le faisnéis ar fhoinsí eile cúnaimh airgeadais amhail Ciste Cúnaimh na Mac Léinn, an Chiste do Mhic Léinn faoi Mhíchumais agus an Tionscnamh um Tháillí in Aisce.
Téarmaí agus coinníollacha an mhaoinithe
Baineann téarmaí agus coinníollacha príomhúla an mhaoinithe le hioncam ináirithe (acmhainn), cónaitheacht, náisiúntacht agus gnóthachtáil acadúil roimhe seo. Ní mór go bhfuil tú ag freastal ar chúrsa lánaimseartha in institiúid cheadaithe. Le haghaidh faisnéis níos mionsonraithe a fháil faoi chritéir incháilitheachta, féach susi.ie.
Cineálacha na gcúrsaí atá ceadaithe le haghaidh deontas mac léinn
Le bheith incháilithe iarratas a dhéanamh ar chúnamh airgeadais faoin Scéim um Dheontas Mac Léinn, nó mór duit bheith ag freastal ar chúrsa lánaimseartha in institiúid cheadaithe, amhail:
- cúrsa PLC (cúrsa iar-Ardteistiméireachta) (fad 1 bhliain ar a laghad) laistigh den Stát
- cúrsa fochéime (fad 2 bhliain ar a laghad) sa Stát nó i mballstát AE nó sa Ríocht Aontaithe
- cúrsa iarchéime (fad 1 bhliain ar a laghad) sa Stát nó i dTuaisceart Éireann
Seo a leanas samplaí de chúrsaí nach bhfuil ceadaithe chun críocha deontais:
- cúrsaí cianfhoghlama nó cúrsaí ar líne
- cúrsaí páirtaimseartha nó tráthnóna
- bunchúrsaí
- cúrsaí níos giorra ná na faid íosta atá sonraithe thuas
D’fhéadfá bheith i dteideal faoiseamh cánach ar tháillí teagaisc, áfach. Tá faisnéis bhreise ar fáil ó na Coimisinéirí Ioncaim nó ó d’oifig chánach áitiúil.
Iarratas a chur isteach ar dheontas mic léinn
Osclaíodh an próiseas iarratais ar líne maidir le hiarratais athnuachana ar dheontas mic léinn do bhliain acadúil 2022/23 an 10 Márta 2022. Ní féidir le mic léinn athnuachana iarratas a chur isteach chuig SUSI anois ach ar Chóras Iarratais ar Dheontais Ar Líne SUSI.
Glacfaidh SUSI le hiarratais nua ar dheontas mic léinn ón 28 Aibreán 2022.
Níl sé riachtanach duit fanacht go dtí go ndearbhaíonn tú do rogha deiridh coláiste nó cúrsa sula gcuireann tú isteach ar dheontas.
Is iad na dátaí deiridh tosaíochta do bhliain acadúil 2022/23 an 9 Meitheamh 2022 maidir le hiarratasóirí athnuachana agus an 7 Iúil 2022 maidir le hiarratasóirí nua.
Má tá deontas á fháil agat faoi láthair ó údarás dámhachtana seachas SUSI agus má tá tú ag leanúint den chúrsa céanna, fanfaidh tú le d’údarás dámhachtana reatha. Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le d’údarás dámhachtana maidir le hathnuachan do dheontais.
An t-am a bhfuil cead agat iarratas a dhéanamh
Níl sé riachtanach duit fanacht go dtí go bhfuil tú glactha ar chúrsa chun iarratas a dhéanamh ar dheontas mic léinn - ba cheart duit iarratas a dhéanamh a luaithe agus is féidir leat chun a chinntiú nach mbeidh moill ar bith ar íocaíocht má mheasfar go bhfuil tú incháilithe do chúnamh deontais.
Osclaíodh an próiseas iarratais ar líne maidir le hiarratais athnuachana ar dheontas mic léinn do bhliain acadúil 2022/23 an 10 Márta 2022. Ní féidir le mic léinn athnuachana iarratas a chur isteach chuig SUSI anois ach ar Chóras Iarratais ar Dheontais Ar Líne SUSI.
Glacfaidh SUSI le hiarratais nua ar dheontas mic léinn ón 28 Aibreán 2022.
Déan teagmháil le SUSI
SUSI Support Desk
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 888 777
- Uaireanta Oscailte:
-
Monday:
9am - 5:30pm
Tuesday: 9am - 5:30pm
Wednesday: 9am - 5:30pm
Thursday: 9am - 5:30pm
Friday: 9am - 5:30pm
- Achoimre:
- Facebook: @susisupportTwitter: @Susihelpdesk