An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta - Treochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide 2025
-
Ó: An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
- Foilsithe: 4 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 4 Samhain 2025
COMHTHÉACS ROINNE
Bunaíodh an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (RBATNE) i mí Iúil 2020. Bunaíodh an Roinn chun sochaí chuimsitheach foghlama agus nuálaíochta a chruthú inar féidir le gach duine a lánacmhainneacht a bhaint amach. Forbróidh an Roinn oideachas, oiliúint, agus taighde treasach na hÉireann chun tacú le daoine a lánacmhainneacht a bhaint amach agus sochaí rathúil, inbhuanaithe, agus bhríomhar a chruthú, réidh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le domhan atá ag athrú. Feidhmíonn an Roinn ó thrí shuíomh, Faiche Stiabhna agus Sráid Marlborough i mBaile Átha Cliath agus Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí.
Amhail ó mhí Iúil 2025, tá 93 ball foirne ag suíomh Faiche Stiabhna. Tá an foirgneamh ar chlár na bhfoirgneamh liostaithe agus tá sé á fheidhmiú mar chuid de champas níos leithne ina bhfuil acmhainní roinnte ann leis na foirgnimh ghaolmhara atá atá ar áitiú ag an Roinn Dlí agus Cirt. Tá 136 ball foirne ag obair san oifig ar Shráid Marlborough, agus roinneann na réimsí seo acmhainní leis an Roinn Oideachais agus Óige. Tá 75 ball foirne ag obair san oifig i dTulach Mhór agus is cuid de champas níos mó í freisin leis an Roinn Oideachais agus Óige chomh maith le roinnt comhlachtaí poiblí eile.
Chomh maith le comhlíonadh shainordú na hearnála poiblí mar chomhlacht corparáideach a chinntiú, tá sainchúram i bhfad níos leithne ag an Roinn maidir le gníomhú ar son na haeráide. Tá ceithre phríomhcholún ag RBATNE agus gníomhaíochtaí aeráide na hearnála níos leithne a léiríonn an beartas náisiúnta. Is iad seo a leanas na ceithre philéar; Soláthar Scileanna Glasa; Taighde agus Nuálaíocht Aeráide; Litearthacht agus Oideachas maidir leis an Aeráid don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do Dhícharbónú an eastáit Threasaigh. Mar sin féin, níl Gníomhú ar son na hAeráide agus Inbhuanaitheacht teoranta do na rannóga beartais ar leis na réimsí freagrachta seo iad. Tá céimeanna á nglacadh chun Gníomhú ar son na hAeráide agus Inbhuanaitheacht a leabú i ngach aonad laistigh den Roinn, tríd an bpróiseas pleanála gnó do 2025 agus trí shainordú na hEarnála Poiblí a chur i bhfeidhm.
Tá feidhm ag Sainordú na hEarnála Poiblí maidir leis an Aeráid maidir le comhlachtaí earnála lena n-áirítear Institiúidí Ardoideachais (HEI), Boird Oideachais agus Oiliúna (BOO) agus comhlachtaí faoi choimirce. Tá an Roinn ag déanamh a díchill tacú le cur chuige comhleanúnach agus comhoibritheach maidir le cur i bhfeidhm na straitéise aeráide, le ceannaireacht chomhtháite agus léarscáileanna dea-fhorbartha aeráide ar fud na hearnála, rud a chuireann ar ár gcumas freagairt do dhúshláin na gníomhaíochta aeráide.
Baineann an Treochlár seo, áfach, le feidhmeanna corparáideacha den chuid is mó, toisc go gcaithfidh gach ceann de na comhlachtaí earnála a dtreochlár féin a tháirgeadh.