Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tuarascáil ar an mBearna Phá idir na hInscní 2025 - An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta

Is é seo tuarascáil na Roinne maidir leis an mBearna Phá idir na hInscní agus tá sí bunaithe ar ‘roghbhlúire’ ar fhostaithe laistigh den Roinn an 20ú Meitheamh, 2025. Ní bheidh figiúirí ná méadrachtaí sa tuarascáil seo d’aon chomhlachtaí aegis, boird oideachais agus oiliúna nó gníomhaireachtaí eile a bhfuil baint acu leis an Roinn, a fhoilseoidh a dtuarascáil féin, nuair is gá.

Is ionann an bhearna phá idir na hinscní agus an difríocht i meánphá na bhfear agus na mban in aghaidh na huaire ar fud lucht saothair, agus an raon méadrachtaí á leagan amach sa Bhearna Phá idir na hInscní 2021. Iarradh ar eagraíochtaí a bhfuil níos mó ná 250 fostaí acu tuairisc a thabhairt ar a mBearna Phá idir na hInscní den chéad uair in 2022.

Le tuairisciú ar an mbearna phá idir na hinscní, cuirtear i dtábhacht an difríocht

idir meánphá bliantúil an fhostaí fhirinn agus an fhostaí bhaininn. Ní hionann bearna phá idir na hinscní agus pá neamhionann. Faoin reachtaíocht chomhionannais, tá toirmeasc ar dhuine aonair níos lú pá a íoc le comhghleacaí as an bpost céanna (pá neamhionann), mar gheall ar a n-inscne amháin.

Tá an anailís agus an phróifíl maidir leis an mbearna phá idir na hinscní bunaithe ar bhonnphá bliantúil. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil gach fostaí ailínithe le gráid phá a dhéanann foráil do phá comhionann as obair chomhionann beag beann ar inscne. Tá struchtúr pá na Ranna sainmhínithe in Imlitir reatha 19/2025, atá ar fáil ar shuíomh gréasáin gov.ie.

Tuarascáil ar an mBearna Phá idir na hInscní 2025 - An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat