Ionstraim Reachtúil I.R. Uimh. 579 de 2022: Scéim Um Dheontas Do Mhic Léinn (Leasú), 2022
-
Ó: An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
- Foilsithe: 1 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 16 den Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn, 2011 (Uimh. 4 de 2011), agus leis an Ordú um Breisoideachas agus Ardoideachas, Thaighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aireachta a Aistriú), 2020 (I.R. Uimh. 451 nó 2020) agus, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, déanaimse, SIMON HARRIS, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, an scéim deontas seo a leanas:—
1
Féadfar an Scéim um Dheontas do Mhic Léinn (Leasú), 2022 a ghairm den Scéim seo.
2
Tiocfaidh an Scéim seo i ngníomh an 16 Samhain 2022.
3
Sa Scéim seo, ciallaíonn “Príomh-Scéim” an Scéim um Dheontas do Mhic Léinn, 2022 (I.R. Uimh. 118 de 2022).
4
Leasaítear Airteagal 6 den Phríomh-Scéim trí “trí” a chur in ionad “ceithre”, agus tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (b) agus (c):
“(b) deontas táillí;
(c) ranníocaíocht táille iarchéime; agus
(d) breis-íocaíocht deontais chothabhála aonuaire um chostas maireachtála.”.
5
Leasaítear an Phríomh-Scéim tríd an Airteagal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Airteagal 12:
“An bhreis-íocaíocht deontais chothabhála aonuaire um chostas maireachtála
12A. Maidir le mac léinn atá incháilithe le híocaíocht deontais chothabhála ón údarás dámhachtana de réir Airteagail 7, 27 agus 37, agus a bhfuil sé ar fáil aige amhlaidh, beidh sé nó sí cáilithe le haghaidh íocaíochta breise is íocaíocht chomhionann leis an naoú cuid den ráta bliantúil deontais chothabhála is iníoctha leis an mac léinn sin suas go dtí an 31 Nollaig 2022 ar choinníoll, an tráth a dhéanfar an íocaíocht bhreise, go bhfuil sé nó sí incháilithe le haghaidh deontas cothabhála agus go bhfuil deontas cothabhála ar fáil aige nó aici faoi réir na coinníollacha céanna lena dheontas cothabhála nó lena deontas cothabhála. Sonraítear na rátaí i Sceideal 5.”.
6
Leasaítear an Phríomh-Scéim tríd an airteagal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Airteagal 31:
“Rátaí agus luach – An bhreis-íocaíocht deontais chothabhála aonuaire um chostas maireachtála
31A. Íoctar an bhreis-íocaíocht deontais chothabhála aonuaire um chostas maireachtála iníoctha de réir Airteagal 12A, ar an ráta a shonraítear i Sceideal 5.”.
7
Leasaítear Airteagal 37 den Phríomh-Scéim tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (2):
“(2) Déanfaidh an t-údarás dámhachtana, nó údarás íocaíochta iomchuí eile dá dtagraítear i mír (1), deontais chothabhála a íoc i naoi dtráthchuid chomhionanna, de réir na rátaí bliantúla a shonraítear i Sceideal 3.”
8
Leasaítear an Phríomh-Scéim tríd an airteagal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Airteagal 39:
“An bhreis-íocaíocht deontais chothabhála aonuaire um chostas maireachtála a íoc”
39A. Is é an t-údarás dámhachtana a dhéanfaidh an bhreis-íocaíocht deontais chothabhála aonuaire um chostas maireachtála, agus déanfaidh sé an íocaíocht de réir Airteagal 12A ar na rátaí atá arna leagadh amach i Sceideal 5.
Beidh feidhm ag fomhíreanna 37(3) agus 37(4) mar an gcéanna maidir leis an mbreis-íocaíocht deontais chothabhála aonuaire um chostas maireachtála. ”
9
Leasaítear Sceideal 4 den Phríomh-Scéim tríd an méid seo a leanas a chur ina ionad:
SCEIDEAL 4: Uasteorainneacha foriomlána le haghaidh deontas táillí don bhliain acadúil 2022/23
Tábla 1
| Eilimint um Tháille Teagaisc Fochéime | ||
| Maidir leis na cúrsaí seo a leanas | ||
| 100 % den ráta táille AE | 50 % den ráta táille AE | |
| €6,270 | €3,135 |
Tábla 2
| Eilimint Ranníocaíocht an Mhic Léinn | An Ráta |
| €2,000 | |
| €1,000 |
Tábla 3
| Uasteorainn Táille: | €6,270 | |
| -€x,xxx | ||
| Lúide Ranníocaíocht an Mhic Léinn | - €2,000 | |
| €y,yyy | ||
| Uasteorainn Táille: | €6,270 | |
| -€x,xxx | ||
| €y,yyy |
Tábla 4
| Deontais Iarchéime | ||
| Maidir leis na cúrsaí seo a leanas | Ranníocaíocht Táille Iarchéime | |
| €6.270 |
€4,500
10
Leasaítear an Phríomh-Scéim tríd an Sceideal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Sceideal 4:
Sceideal 5: Rátaí na breis-íocaíochta deontais cothabhála aonuaire um chostas maireachtála
| Ráta Neamh-Chóngarach | Ráta Cóngarach | |
| Ráta Cothabhála Speisialta | 679.44 | 286.11 |
| Ráta Caighdeánach— Cothabháil Iomlán Banda 1 | 358.33 | 157.22 |
| Ráta caighdeánach— Cothabháil Pháirteach Banda 2 | 274.44 | 123.33 |
| Ráta caighdeánach— Cothabháil Pháirteach Banda 3 | 190.56 | 89.44 |
| Ráta caighdeánach— Cothabháil Pháirteach Banda 4 | 106.11 | 56.11 |
Toilíonn an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe leis an Scéim roimhe seo a dhéanamh.
ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
16 Samhain 2022.
MICHAEL MCGRATH,
An tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil
an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde
16 Samhain 2022.
SIMON HARRIS,
An tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde,
Nuálaíochta agus Eolaíochta.